Bhí an Taoiseach Leo Varadkar ag bualadh leis na ceithre phríomhchomhlacht fuinnimh tráthnóna Dé Máirt le rá leo nach leor na ciorruithe praghais le déanaí.
Dúirt sé freisin go raibh sé ag iarraidh go mbeadh cistí cruatain (hardship funds) agus rialacha maidir le dícheangail (disconnection) ag na cuideachtaí mar a rinne siad an geimhreadh seo caite.
Maidir le slándáil fuinnimh, dúirt an tUasal Varadkar go bhfuil sé muiníneach go mbeidh soláthar slán ann i rith an Gheimhridh.
Dúirt sé dá mbeadh fadhb ann, go mbeadh sé ann anuraidh, ach ó shin i leith tá stór fuinnimh tógtha ag Éirinn agus tá said ag lorg foinsí eile.
Dúirt sé freisin go mbeadh cúnamh ar fáil do theaghlaigh ar bhillí fuinnimh sa Bhuiséad agus iad ag baint úsáide as na ‘windfall taxes’ nua.
Agus tá sé ráite ag an Tánaiste Micheál Martin agus an tAire Airgeadais Michael McGrath go ndéanfadh an Rialtas a ndícheall ar son na dteaghlach atá ag tabhairt aghaidh ar bhillí níos airde mar gheall ar an ngéarchéim costais mhaireachtála (cost of living crisis).
Dúirt an tUasal Martin: ‘Ní mór dúinn gníomhú le meascán de ghníomhaíocht chun cabhrú le daoine a bhfuil arduithe móra praghais acu.’
Dúirt an tUasal McGrath go mbeadh sé go luath i mí Dheireadh Fómhair sula dtiocfadh sé ar an tuairim ar na bearta aonuaire a bheadh sa bhuiséad. Anuraidh, bhí an figiúr níos mó ná €4 billiún.
Dúirt sé go raibh na ceithre chreidmheas fuinnimh roimhe seo ‘an-éifeachtach’ ach gur chosain gach ceann acu €400 milliún, ag cur leis gur ‘cinntí an-suntasach agus costasacha’ iad seo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.