Cinneadh déanta ag RTÉ gan an 100 duine ar an bpá is airde a ainmniú

12/09/2023

Táthar ag rá go bhfuil RTÉ ag iarraidh na hainmneacha a cheilt – is feidhmeannaigh agus bainisteoirí dhá thrian acu

 Tá cinneadh déanta ag RTÉ gan ainmneacha an 100 duine leis an pá is airde a fhoilsiú mar gheall ar cheisteanna cosanta sonraí (data protection).

Tagann an cinneadh tar éis na cáineadh go bhfuiltear ag iarraidh féiniúlacht (identities) na ndaoine a cheilt, dar leis an Irish Daily Mail.

Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst
Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst

Tá sé ráite ag RTÉ i gcáipéisí go mbeadh sé ‘míchuí’ cead a iarraidh ar bhaill foirne a n-ainm agus a dtuarastal (salary) a fhoilsiú, tar éis do roinnt ball foirne gearán a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí (Data Protection Officer) RTÉ, de réir na tuarascála.

Tá an tArd-Stiúrthóir Kevin Bakhurst agus feidhmeannaigh eile le ceistiú ag Coiste Meán an Oireachtais Dé Céadaoin.

Cuirfear ceist orthu faoin athrú iomlán dealraitheach tar éis do Chathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, gealltanas a thabhairt os comhair coiste Dála eile ag deireadh mhí an Mheithimh go bhfoilseofaí na hainmneacha agus na figiúirí.

Dúirt James O’Connor TD de chuid Fhianna Fáil, ball den Choiste um Chuntais Phoiblí, a d’iarr ar RTÉ an pá is aired a fhoilsiú: ‘Is é an rud is lú is féidir leo a dhéanamh ná na gealltanais a rinne siad roimhe seo maidir le réimse na trédhearcachta (transparency) a chomhlíonadh faoi réimse na dtuarastal laistigh den eagraíocht.’

James O'Connor
James O’Connor

Nuair a fiafraíodh de an raibh botún déanta ag RTÉ gan an 100 tuarastal is airde a fhoilsiú, dúirt an tUasal O’Connor: ‘Taispeánann sé go bhfuil siad ag iarraidh a cheilt cé hiad na daoine seo.

‘Tá an-mheas agam ar RTÉ i leith a ranna cúrsaí reatha agus spóirt.’ Ach dúirt sé go bhfuil RTÉ anois ‘ag caitheamh leis an bpobal le díspeagadh (contempt)’.

Is feidhmeannaigh (executives) agus bainisteoirí iad os cionn dhá thrian den 100 duine le tuarastal is airde – le deichniúr feidhmeannach agus 59 bainisteoir ar an liosta.

As an 100, déantar 31 a chatagóiriú mar láithreoirí nó neamh-bhainistíocht.

Ina theannta sin, tá breis agus €200,000 sa bhliain á n-íoc le deichniúr ball de Bhord Feidhmeannas RTÉ.

I mí an Mheithimh, dúirt príomhoifigeach airgeadais RTÉ, Richard Collins, nach raibh sé cinnte cad go díreach a íocadh leis, sular luaigh sé don choiste go raibh sé ‘isteach agus thart ar’ €200,000.

Tugann an doiciméad ó RTÉ faoi deara iarratas an choiste ar fhaisnéis ar an gceist seo: ‘Tá an fiosrúchán seo bunaithe ar an tuiscint gur fiafraíodh den fhoireann an raibh siad sásta a n-ainmneacha a scaoileadh.

RTE 3 1168x681 1

‘Níor chuir RTÉ an cheist seo ar an bhfoireann, áfach. Tá sé míchuí fós cead a iarraidh ar an bhfoireann a n-ainmneacha a scaoileadh taobh lena dtuarastail.

‘Maidir leis seo, tá amhras ar RTÉ go bhféadfaí ceadanna a bhailiú agus/nó sonraí a fhoilsiú de réir an GDPR.

‘Chun amhras a sheachaint, dá gcuirfeadh RTÉ liosta ar fáil dóibh siúd a roghnaigh gan a dtuarastail a fhoilsiú, mar aon le liosta díobh siúd atá sásta a dtuarastail a fhoilsiú, bheadh an cleachtadh “ceadaithe” iomarcach, mar a d’fhéadfaí iad siúd nár thug cead a aithint mar 100 saothraí is fearr agus b’fhéidir fiú a dtuarastal cruinn a aimsiú le tagairt d’eolas eile.’


Faigh scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: NUACHT

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram