Fuair ceannaire Ryanair Michael O’Leary fáilte iontais go dtí an Bhruiséil ar Déardaoin nuair a fuair sé dhá phióg uachtair (two cream pies) san aghaidh.
Bhí sé ina sheasamh in aice le ‘cut-out’ de cheannaire an Aontais Eorpaigh Ursula von der Leyen ag an am – ag iarraidh a agóid dá chuid féin a eagrú.
Chaith beirt bhan ghníomhaithe comhshaoil dhá phióg agus O’Leary ag iarraidh agóid fear amháin (one-man protest) á reáchtáil lasmuigh den Choimisiún Eorpach in aghaidh stailceanna rialtóirí aerthráchta (air traffic controllers strikes).
Bhí sé ag gearán go bhfuil tionchar ag na stailceanna san AE ar a aerlíne.
‘Fáilte go dtí an Bheilg,’ a dúirt duine de na gníomhaithe agus í ag plandáil a phíog ar O’Leary, de réir físeán den radharc a chraol cainéil nuachta na Beilge LN24 agus RTL Info.
‘Stop an truailliú ó eitleáin,’ a dúirt an gníomhaí eile agus í ag smearadh a phíog ar O’Leary sular shiúil an bheirt amach.
Déanann an príomhfheidhmeannach Ryanair poiblíocht rialta dó féin agus dúirt sé le cúntóir a sheaicéad salach a thabhairt uaidh le bheith glanta.
Chuir Ryanair teachtaracht ar X, an t-ardán ar a dtugtaí Twitter roimhe seo, le fios níos déanaí go bhfuair O’Leary ‘warm welcome in Brussels’.
‘Tá paisinéirí chomh sásta lenár mbealaí agus lenár n-achainí go bhfuil siad ag ceiliúradh le cáca,’ a dúirt siad.
Tháinig an t-agóid tar éis a d’fhógair píolótaí Ryanair sa Bheilg stailc nua ar 14 agus 15 Meán Fómhair – a gceathrú stailc i dhá mhí – maidir le pá agus coinníollacha oibre.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.