Ainmníodh go háitiúil an bheirt thurasóirí Éireannacha a fuair bás tar éis dóibh a bheith buailte i gcarr agus iad ar saoire sa Róimh Déardaoin mar Paul agus Mary O’Reilly ón gCill Mhór (Kilmore), Co. Loch Garman (Wexford).
Fuair an lánúin phósta (married couple), a tuairiscíodh go raibh siad 59 agus 60 bliain d’aois,as Éirinn, bás tar éis dóibh a bheith buailte ag carr agus iad ar saoire sa Róimh ar Déardaoin, a dúirt póilíní na hIodáile.
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag thabhairt cúnamh consalachta (consular assistance).
Maraíodh na coisithe (pedestrians) tar éis dóibh a bheith buailte ag carr ar an Via Cristoforo Colombo i ndeisceart phríomhchathair na hIodáile, a dúirt gníomhaireacht nuachta na hIodáile ANSA.
Tá cur síos ar Via Cristoforo Colombo mar cheann de na bóithre is contúirtí sa Róimh.
Tuairiscíodh go raibh na híospartaigh díreach tar éis láthair campála a fhágáil ar feadh an bhóthair agus go raibh siad ag trasnú chun stad bus a bhaint amach nuair a bhuail Ford Fiesta iad.
Tuairiscítear gur tharla roinnt tuairteanna marfacha ar an mbóthar le tamall anuas. Coicís ó shin, a dúradh, tharla imbhualadh eile inar maraíodh fear ar a scútar.
Tharla an timpiste tráthnóna Déardaoin in aice le Pálás an Uachtaráin Castel Porziano, go gairid roimh 1pm, agus d’fhógair na seirbhísí éigeandála na coisithe marbh ag an láthair.
D’fhan tiománaí an chairr, Rómhánach atá 54 bliain d’aois, ag an láthair agus rinne sé iarracht ‘cúnamh a thabhairt, a dúirt ANSA.
Creidtear go bhfuil sé mion-ghortuithe mar gheall ar an imbhualadh agus tugadh go hospidéal áitiúil é le haghaidh cóireála.
Bhí na póilíní áitiúla ar an láthair tráthnóna Déardaoin agus bhí siad ag cur tús le himscrúdú.
Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha go raibh siad ‘ar an eolas faoin gcás agus ag cur cúnamh consalachta ar fáil.
Dúirt siad: ‘Mar is amhlaidh le gach cás consalachta, ní thugann an Roinn trácht ar shonraí cásanna aonair.’
Tuilleadh nuacht le teacht..
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.