Eamon Ryan ag iarraidh moill a chur ar an olltoghchán

05/09/2023

Tá an chéad olltoghchán eile beartaithe do mhí na Samhna 2024 ach anois tá Eamon Ryan ón gComhaontas Glas ag iarraidh moill a chur air

Tá an chéad olltoghchán eile beartaithe go déanach an bhliain seo chugainn – ach tá an ceannaire ón gComhaontais Glas Eamon Ryan ag iarraidh go gcuirfí moill air go dtí 2025.

Dúirt roinnt foinsí sinsearacha Rialtais go reáchtálfar an t-olltoghchán i mí na Samhna 2024, de réir an Irish Daily Mail.

Cé go bhfuil roinnt seans ann go mbeadh fonn orthu moill a chur air má éiríonn go dona le Fiann Fáil agus Fine Gael sna toghcháin áitiúla an samhradh seo chugainn.

Eamon Ryan
Eamon Ryan

Tá sé ráite ag Eamon Ryan gur chomhairligh (advised) sé don Taoiseach Leo Varadkar ligean don Chomhrialtas reatha a théarma iomlán, suas go dtí Márta 2025, a rith.

‘Sílim, cén fáth nach rithfeá téarma iomlán? Tá Rialtas réasúnta seasmhach againn i gcomparáid le go leor tíortha san Eoraip,’ a dúirt Ryan.

‘Tá buntáistí ag baint leis sin. Tógann sé go leor ama Rialtas a bhunú.’

D’admhaigh Ryan, áfach, gurb ar an Taoiseach atá sé, mar atá de cheart aige faoin mBunreacht.

Dúirt sé freisin, áfach: ‘Is é mo chomhairle don Taoiseach ná gur cheart dúinn iarracht a dhéanamh teacht go dtí Márta 2025.

‘Idir an dá linn ba cheart dúinn díriú ar an toghchán áitiúil agus Eorpach,’ a dúirt Ryan.

Leo Varadkar
Leo Varadkar

I mí na Bealtaine dúirt an tAire Fiontar Simon Coveney le thart ar 30 ceannaire gnó go mbeadh an chéad olltoghchán eile ar siúl i mí na Samhna 2024.

Dúirt go leor foinsí sa seomra go ndúirt Coveney freisin go raibh sé muiníneach go mbeadh Fianna Fáil agus Fine Gael in ann an chéad Rialtas eile a bhunú.

Thug sé le fios go bhfaigheadh an dá pháirtí le chéile níos mó vótaí ná Sinn Féin.

Chuir foilsiú athbhreithniú teorann an Choimisiúin Toghcháin (Electoral Commission) an tseachtain seo caite tús go héifeachtach leis an bhfeachtas toghcháin, agus páirtithe ag ullmhú anois chun iarrthóirí a roghnú.

Mhol an Coimisiún go gcuirfí 14 TD nua leis agus go gcruthófaí seacht dtoghcheanntair nua le trí shuíochán.

Fógróidh an Rialtas a bhuiséad i mí Mheán Fómhair nó i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chugainn – agus beidh siad in ann airgead a chaitheamh roimh an toghchán.

Simon Coveney
Simon Coveney

Tá a mhian arís ag Sinn Féin go reáchtálfar toghchán chomh luath agus is féidir. Tá an páirtí ar an gceann is mó éileamh sa tír go fóill, le pobalbhreith Ireland Thinks ag an deireadh seachtaine ag cur ar 33% iad.

Léirigh pobalbhreith an Sunday Independent go mbeadh 40% de dhaoine i bhfabhar leanúint leis an gcomhrialtas reatha, agus 42% anois i bhfabhar comhrialtas idir Fianna Fáil agus Sinn Féin. Níor chuir an pobalbhreith ach 2% ar an gComhaontas Glas.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram