Dúirt an Tánaiste Micheál Martin le hIosraelaigh go bhfuil sé ‘díreach mícheart’ a thabhairt le tuiscint go bhfuil Éire naimhdeach in aghaidh Iosrael.
Ag labhairt dó le Comhairle Iosrael ar Chaidreamh Eachtrach (Israel Council on Foreign Relations), dúirt an tUasal Martin go bhfuil a fhios aige go bhféadfadh ‘seasamh prionsabal na hÉireann le fada an lá’ ar an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín a bheith ina ‘fhoinse leanúnach frithchuimilte (ongoing source of friction)’ idir an dá thír.
Ach dúirt an tUasal Martin: ‘Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil an tuairim (assumption) a dhéantar uaireanta sna meáin Iosraelacha go bhfuil ár seasamh ar an gcoimhlint ina fhianaise (evidence) ar naimhdeas na hÉireann, nó mhuintir na hÉireann, i leith Iosrael mícheart.’
Dúirt an tUasal Martin go bhfuil sé ‘an-eolach’ ar an mbagairt a bhraithtear in Éirinn mar gheall ar chlár airm núicléacha na hIaráine (Iran) agus ‘iompar díchobhsaithe comhsheasmhach (consistently destabilising behaviour)’ na tíre sa Mheán-Oirthir agus níos faide i gcéin.
SCÉAL EILE
Ospidéal mór ag lorg cosaint an Gharda ó thrádáil dhrugaí in A&E
CLIC ANSEO
‘Níl aon seachmaill (illusions) orainn maidir leis an mbaol a bhaineann leis seo do réigiún an Mheán-Oirthir agus níos faide i gcéin ach táimid fós cinnte gurb é cosán taidhleoireachta (diplomatic) agus polaitiúil an t-aon rogha réadúil chun aghaidh a thabhairt ar an mbaol seo,’ a dúirt an tUasal Martin.
Dúirt an tUasal Martin go bhfuil tuairimí láidre ag Éireannaigh ar an gcoimhlint idir Iosrael agus an Phalaistín mar gur tír bheag neodrach mhíleata muid a bhraitheann ar na náisiúin uile cloí le dlí idirnáisiúnta agus ord rialacha-bhunaithe.
Dúirt sé gur ‘cháin sé ionsaithe sceimhle ar shaoránaigh Iosrael’ agus nach gcuireann sé as an áireamh an ‘eagla agus an teannas’ a mhothaíonn saoránaigh a bhfuil súil acu a saol laethúil a dhéanamh.
SCÉAL EILE:
An raibh ‘Black Macbeth’ le Shakespeare ‘racist’?
CLIC ANSEO
Ach dúirt sé gur gá a aithint freisin go bhfuil cúig mhilliún Palaistíneach, ar fud an Bhruach Thiar (West Bank) agus Gaza, a bhfuil ceart acu féin-chinneadh (self-determination).
‘Díreach i mí Feabhra na bliana seo, d’athdhearbhaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UN Security Council) a cur i gcoinne láidir in aghaidh tógáil agus leathnú na lonnaíochtaí (settlements) Iosraelach, coigistiú (confiscation) talún na bPalaistíneach, scriosadh tithe na bPalaistíneach agus díláithriú (displacement) sibhialtaigh na Palaistíne.
‘Níl aon údar soiléir leis na beartais agus na gníomhartha seo, chomh maith le sárú an dlí idirnáisiúnta, maidir le slándáil Iosrael a chosaint,’ a dúirt an tUasal Martin.
D’fháiltigh sé roimh an ‘normalú’ atá déanta ag Iosrael ar a chaidreamh le roinnt tíortha Arabacha le blianta beaga anuas agus dúirt sé go raibh súil aige go n-osclóidh sé seo bealaí nua chun síocháin a aimsiú sa réigiún.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.