Tá iarrtha ag ceann de na hospidéil is gnóthaí ar níos mó patróil Gardaí mar gheall ar thrádáil drugaí san A&E agus iompar frith-shóisialta san ospidéal.
Dúirt Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath freisin go bhfuil teipthe ar aistriú ceart a (proper handover) chur ar fáil d’othair (patients) atá ag teacht isteach le gardaí.
D’ardaigh lucht bainistíochta an ospidéil imní mhór freisin faoina lárionad d’oideachas altraí (centre from nurses’ education).
Dúirt siad go bhfuil at áit ina mhaighnéad (magnet) do mhí-úsáid drugaí agus alcóil agus go raibh sé á bhuirgléireacht (burgled) ar a laghad dhá uair sa bhliain.
Tagann sé seo tar éis seachtainí de scrúdú a dhéanamh ar rátaí coireachta (crime) i lár na cathrach tar éis ionsaithe iolracha (many attacks).
Le seachtainí beaga anuas, gheall gardaí sinsearacha ‘mothú na sábháilteachta (feelings of safety) sa chathair a fháil ar ais’, ach tá rabhadh tugtha ag úinéirí gnó cheana féin go bhfuil stráideanna na príomhchathrach ag éirí mar ‘ollmhargaí (supermarket) drugaí faoin aer’.
Dúirt Angela Willis, coimisinéir cúnta an Gharda Síochána do Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath, go mbeidh níos mó gardaí ar na sráideanna.
Tháinig sé seo i ndiaidh leithdháileadh an €10milliún ragoibre (overtime) le haghaidh póilíneachta i mBaile Átha Cliath chun níos mó ná 16,500 uair breise póilíneachta a chur ar fáil.
I ríomhphost chuig an nGarda Síochána i mí Iúil, dúirt an Mater go raibh siad thar a bheith buartha faoi ionad oideachais a n-altraí – atá suite in aice leis an bpríomhospidéal – ag rá go mbíonn orthu úsáideoirí drugaí a aistriú go rialta ó taobh amuigh.
Dúirt an ríomhphost, a scríobh ceann slándála an Mater: ‘Is timpeallacht foghlama do mhic léinn óga go príomha é an Centre for Nurse Education agus tá seomraí ann do mhná.
‘Le trí bliana anuas, tá treocht suaite againn de dhá bhuirgléireacht in aghaidh na bliana ar a laghad.’
D’iarr an Mater cruinniú leis na gardaí i lár mhí an Mheithimh maidir le himní faoi shábháilteacht, go háirithe ina rannóg A&E.
Léiríodh roinnt imní i gcóip de ríomhphost lena n-áirítear ‘othair á dtabhairt chuig A&E ach níl aon aistriú á sholáthar d’fhoireann an ospidéil’ agus ‘leibhéil mhéadaithe trádáil drugaí agus iompair fhrith-shóisialta ag rannóg éigeandála an Mater’.
Anuraidh, rinneadh glaonna le ceamaraí coirp (body cameras) a thabhairt d’fhoireann an ospidéil mar go ndearnadh ionsaí ar níos mó ná 34,000 altra agus dochtúir le seacht mbliana anuas.
Ionsaíodh níos mó ná 848 altra sa chéad ceathrú de 2023, de réir Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (Irish Nurses and Midwives Organisation, INMO).
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.