An raibh ‘Black Macbeth’ le Shakespeare ‘racist’?

04/09/2023

Deir saineolaithe go léiríonn úsáid na bhfocal do ‘dubh’ le Shakespeare i ndrámaí móréilimh scoile go raibh sé ciníoch (racist)

Tá sé ráite ag saineolaithe ar an litríocht go bhfuil tagairtí don dorchadas agus don dubh i Macbeth le William Shakespeare ciníoch (racist).

Tá Macbeth go rialta ar an gcuraclam do pháistí scoile na hÉireann le blianta anuas.

William Shakespeare
William Shakespeare

Dúirt Kathryn Vomero Santos, ollamh cúnta le Béarla in Ollscoil na Tríonóide i Texas, gur samplaí de theanga ‘chiníoch’ iad úsáid Shaekspeare as focail ar nós ‘bat’, ciaróg (beetle), dubh agus oíche.

D’aibhsigh an t-acadúil, a chuir a tuairimí in iúl i léacht ar líne a d’eagraigh The Globe i Londain, mar chuid dá chainteanna ‘Anti-Racist Shakespeare’, radharc ina n-úsáideann carachtar an frása ‘black Macbeth’.

Dúirt sí: ‘Sílim go bhfuil sé tábhachtach cabhrú lenár ndaltaí féachaint ar na bealaí ina bhfuil dráma nach n-aithneoimis láithreach mar “ciníoch” ag brath ar theanga chiníoch.’

Michael Fazzbender mar Macbeth
Michael Fazzbender mar Macbeth

Agus thug an drámadóir Migdalia Cruz, a bhfuil a leagan féin de Macbeth léirithe aici, ‘ciníoch’ ar an mBard, ag tagairt d’úsáid ‘Moor’, ‘Turk’ agus ‘Jew’ i gcomhthéacs chorraí na ‘three witches’.

Dúirt sí: ‘Gearrann go leor daoine na rudaí sin amach agus shíl mé, ní dhéanfaidh mé é, ní ciníoch é – is ciníoch é, ach ciníoch dá chuid ama. Ba chiníochaigh iad gach duine ina chuid ama.’

Mar sin féin, dhiúltaigh lucht léinn i Sasana léirmhínithe a sárscríbhneoir drámaí. Dúirt Frank Furedi, ollamh emeritus le socheolaíocht ag Ollscoil Kent i Sasana: ‘Sílim go bhfuil na tráchtanna go léir thíos leis an riocht ar a dtugaim anacrónachas morálta (moral anachronism), a bhaineann le léamh na staire siar agus súil siar a chaitheamh ar ‘obsessions’ an scríbhneora chomhaimseartha – sa chás seo, le cine agus dubhacht.’

Macbeth Poster

Dúirt an staraí Jeremy Black, a bhfuil England in The Age Of Shakespeare ina chuid leabhar: ‘Tarraingíonn an smaoineamh go bhfuil an dubhacht mar olc le eagla a bhí ann i gcónaí faoin dorchadas agus níor cheart é a mheascadh suas le ciníochas.’

Dúirt Farah Karim-Cooper, stiúrthóir oideachais de chuid The Globe: ‘Tacaíonn muid leis na scoláirí agus na healaíontóirí a labhraíonn ar ár n-ardáin.

‘Cé go mb’fhéidir nach n-aontaímid le gach rud a deir siad, tá muinín againn inár lucht féachana mar a rinne Shakespeare – breithiúnas a thabhairt dóibh féin.’


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram