Tá an Ardteist déanta agus na torthaí amach inniu, Dé hAoine, agus seo duit gach rud atá uait – ní hamháin don lá inniu ach sna seachtainí amach romhainn.
Cén t-am a bhfuil na torthaí amach inniu?
Beidh siad ar fáil ar an Tairseach Féinseirbhíse Iarrthóra (Candidate Self-Service Portal, CCSP) ag 10am. Is féidir torthaí a fheiceáil, a íoslódáil, nó is féidir le mic léinn ráiteas ar a gcuid torthaí a phriontáil.
Conas a fhaighim rochtain ar chóras CCSP na hArdteistiméireachta?
Chun teacht ar thorthaí, is féidir le mic léinn clárú ar an tairseach {portal) ag baint úsáide as a n-uimhir scrúdaithe agus PIN. Is é do PIN na chéad 4 dhigit de d’uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Personal Public Service, PPS, number).
Teastaíonn uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist araon le gur féidir le Coimisiún na Scrúduithe Stáit (State Examinations Commission) teagmháil a dhéanamh leat. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chlárú, clic anseo.
Is féidir leo siúd atá cláraithe cheana féin rochtain (access) a fháil ar an tairseach (portal) trí logáil isteach ag baint úsáide as an uimhir scrúdaithe agus PIN.
Sa chás go bhfuil do phasfhocal dearmadta agat, cliceáil ar an nasc Dearmadta do phasfhocal.
Beidh d’uimhir scrúdaithe agus an seoladh ríomhphoist a chláraigh tú ag teastáil.
Gheobhaidh tú nasc i do r-phost agus céimeanna chun pasfhocal nua a chruthú.
Cathain a dhéantar tairiscintí CAO?
Déanfaidh an Lár-Oifig Iontrála (Central Applications Office, CAO) a dtairiscintí coláiste (college offers), Bhabhta a hAon ó 2in ar an gCéadaoin, 30 Lúnasa. Ní mór duit glacadh le do thairiscint (offer) faoi 3pm Dé Máirt, 5 Meán Fómhair.
Beidh na tairiscintí seo ar fáil le feiceáil ar líne ar shuíomh Gréasáin an CAO, ach deimhníonn an CAO freisin go n-eiseofar iad trí theachtaireacht téacs agus ríomhphost.
‘Gheobhaidh iarratasóirí nach bhfuil tairiscint faighte acu ;ríomhphost Staid an Iarratais (State of Application’ email)’.’ Is é cuspóir an ríomhphoist seo ná deimhniú a fháil ó na mic léinn go bhfuil a gcuid faisnéise ar fad taifeadta i gceart.
Déanfar tairiscintí bhabhta a dó ar Dé Luain, 11 Meán Fómhair ag 2in, agus beidh an dáta deiridh le haghaidh glacthaí ar Dé Céadaoin, 13 Meán Fómhair ag 3in.
Beidh tairiscintí bhabhta a trí ar fáil ó 10rn ar Dé Máirt, 19 Meán Fómhair, agus beidh an dáta deiridh le haghaidh glactha ar Déardaoin, 21 Meán Fómhair ag 3in.
Cad a tharlóidh má theastaíonn uaim mo thorthaí a achomharc (appeal)?
I gcás daltaí atá míshásta leis na marcanna a fhaigheann siad ar ábhar amháin nó níos mó, is féidir na torthaí a achomharc chuig an SEC.
Sula ndéanann siad achomharc, is féidir le mic léinn féachaint ar a gcuid scripteanna scrúdaithe agus cinneadh níos eolasaí a dhéanamh maidir le hachomharc a dhéanamh.
Is féidir breathnú ar marcanna na hArdteiste ó Dé Máirt, 29 Lúnasa ag meán lae.
SCÉAL EILE: Agus na torthaí amach inniu: Tá éileamh ar mharcáil níos déine ar an gcéad Ardteist eile. CLIC ANSEO
Is féidir iarratais ar amharc scripte a dhéanamh tríd an CSSP ó Dé Máirt, 29 Lúnasa ag 5in go dtí Dé Céadaoin, 30 Lúnasa ag 8in.
Is iad na táillí chun achomharc a dhéanamh ar thorthaí ná €40 in aghaidh an ábhair Ardteistiméireachta agus €15.50 in aghaidh na hArdteistiméireachta ‘Applied’ in aghaidh an ábhair.
Sa chás go n-éiríonn le d’achomharc agus go n-uasghrádaítear do thoradh, cuirfear aisíocaíocht táille an achomhairc i bhfeidhm don ábhar sin.
Is é an fhuinneog le haghaidh torthaí achomharcacha ná Dé Domhnaigh, ar 3 Meán Fómhair ag 10rn go dtí Dé Luain, 4 Meán Fómhair ag 5in. Is féidir achomhairc agus íocaíochtaí a dhéanamh tríd an CSSP.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.