Creidtear go bhfuil an tiarna cogaidh a bhí i gceannas ar cheannairc (mutiny) i gcoinne Vladimir Putin marbh tar éis dá eitleán phríobháideach tuairteáil (crashed) in aice le Moscó.
Dúradh go raibh Yevgeny Prigozhin, ceannaire an ghrúpa Wagner, i measc na ndaoine a maraíodh nuair a phléasc an t-eitleán.
Bhí éileamh go bhféadfadh sé a bheith ionsaí ag Rúiseach. Mar sin féin, rinne Putin iarracht an milleán a chur ar Volodymyr Zelensky agus ar na hÚcráinigh as an mbás.
Maraíodh gach duine a bhí ar bord, triúr criú san áireamh. Chonacthas an dara eitleán de chuid Prigozhin ar radar eitilte os cionn Moscó aréir.
Tháinig sé i dtír go gairid tar éis don scéala faoin timpiste teacht chun cinn.
Tháinig teoiric eile as meáin shóisialta na Rúise.
Dúradh go bhféadfadh an t-eitleán a bheith scriosta ag buama a bhí faoi cheilt mar chás agus a iompraíodh ar bord.
Tagann an timpiste go díreach seachtainí tar éis do Prigozhin ceannasaíocht drámatúil a stiúradh i gcoinne an Kremlin a bhagair go rachadh an Rúis i gcogadh cathartha.
Chuir Putin é as an tír go dtí Bhealarúis.
D’imigh Prigozhin, 62, ó radharc an phobail le roinnt seachtainí anuas, ach chonacthas é an tseachtain seo i bhfíseán poiblíochta Wagner a taifeadadh i dtuaisceart na hAfraice de réir dealraimh.
Is cuideachta mhíleata phríobháideach Rúiseach é Wagner atá maoinithe ag an stát agus a bhfuil na mílte trúpaí aige.
Bhí an grúpa ag feidhmiú sa tSiria, ar fud na hAfraice agus, le déanaí, in oirthear na hÚcráine.
Bhí saighdiúirí Prigozhin, go leor acu ciontaithe a scaoileadh ó phríosúin na Rúise, páirteach i roinnt de na troideanna is troime.
Tuigeadh go raibh an t-eitleán ag taisteal ó phríomhchathair na Rúise go St Petersburg, cathair baile Prigozhin.
Dúirt finné go raibh dhá phléasc ann sular thit an t-eitleán isteach sa talamh, ag éirí as a chéile.
Dúirt Údarás Eitlíochta Sibhialta na Rúise go raibh Prigozhin agus a ionadaí Dmitry Utkin ar bord an eitleáin.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.