Gardaí armtha i mBaile Átha Cliath: An é sin an réiteach?

22/08/2023

Ionadaí áitiúil buartha faoi phleananna le haghaidh ‘aonad madraí, póilíní círéibe (riot police) agus aonaid armtha’ i bpríomhchathair na hÉireann

Beidh gardaí armtha ar shráideanna Bhaile Átha Cliath anois,  agus na húdaráis ag iarraidh smacht a chur ar an gcoiriúlacht atá ag dul i méid sa chathair.

Mar sin féin tá roinnt ionadaithe áitiúla buartha faoi sin.

Beidh roinnt aonaid speisialtóra i bhfeidhm sa chathair lena n-áirítear Aonad Aer, an tAonad Capall, an tAonad Madraí,  An tAonad Tacaíochta faoi Airm i Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath (Regional Armed Response Unit) agus Aonaid Póilíneachta Bóthair (Road Policing units).

Beidh gardaí armatha i mBaile Átha Cliath
Beidh gardaí armatha i mBaile Átha Cliath

D’fhógair Angela Willis, Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána do Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath sonraí na straitéise póilíneachta.

Tuigtear nach mbeidh na haonaid armtha breise ar na sráideanna ach go mbeidh siad i gcarranna.

Dúirt Gardaí freisin go mbeidh laethanta beartaithe i lár na cathrach ina mbeidh seicphointí, cuardaigh agus gabhálacha (search and arrest), seiceálacha inimirce (immigration checks) agus forghníomhú (enforcement) cionta tráchta bóthair.

Chuir an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee fáilte roimh fhógra na ngardaí.

Drew Harris
Drew Harris Pic : Leon Farrell / RollingNews.ie

Dúirt an tAire: ‘Cé nach féidir le póilíneacht amháin réiteach a fháil ar go leor de na rudaí a chuireann le coiriúlacht nó le daoine a bhraitheann neamhshábháilte, tá póilíneacht ard-infheictheachta (high-visibility) ríthábhachtach chun athdhearbhú a sholáthar do gach duine a chónaíonn, a oibríonn nó a thugann cuairt ar ár bpríomhchathair.’

Mar sin féin, tá roinnt ionadaithe poiblí tar éis a n-imní faoin bhforbairt a chur in iúl cheana féin.

Tá an fógra cáinte ag TD de chuid an Rialtais, Patrick Costello ón gComhaontas Glas. Dúirt sé go bhfuil cuid de na bearta nua ‘díréireach agus dian (disproportionate and draconian)’.

Dúirt an tUasal Costello, atá ina urlabhraí ceartais don pháirtí, nach bhfuil imscaradh (deployment) aonad madraí, póilíní círéibe agus aonaid armtha sa chathair feiliúnach.

D’impigh sé ar Choimisinéir an Gharda, Drew Harris, teacht ar phlean nua. Dúirt sé gurb é an réiteach ar an bhforéigean ná níos mó gardaí ar na sráideanna, ná níos mó aonad freagartha armtha.

Helen McEntee le gardaí ar sráideanna Bhaile Átha Cliath
Helen McEntee le gardaí ar sráideanna Bhaile Átha Cliath

Agus cheistigh TD den Chomhaontas Glas Neasa Hourigan an cinneadh, ag rá go gcaithfidh an Rialtas dul i ngleic le bunfhadhb na coireachta.

Chuir an Comhairleoir People Before Profit Madeleine Johansson tweet amach ag rá: ‘An t-aon toradh a bh ionn ar póilíní armtha ná tuilleadh básanna.’

Dúirt An Garda Síochána go bhfuil tús curtha acu ag baint úsáide as an maoiniú ragoibre (overtime funding) de €10 milliún a chuir an Rialtas ar fáil tar éis roinnt ionsaithe ar thurasóirí i lár na cathrach.

D’fhógair an tAire McEntee an maoiniú breise an mhí seo caite tar éis imní faoi fhoréigean i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Gardaí go gcuirfidh siad níos mó ná 16,500 uair an chloig póilíneachta breise in aghaidh na míosa ar fáil i lár na cathrach chun cabhrú le dul i ngleic le hiompar frithshóisialta agus le drugaí.

Neasa Hourigan
Neasa Hourigan

Beidh thart ar €2 milliúín de na cistí tiomnaithe d’imscaradh an aonaid oird phoiblí ar bhonn laethúil a mhéadú.

Dúirt na Gardaí gur gabhadh breis agus 1,500 duine ar fud Bhaile Átha Cliath idir an 28 Iúil, nuair a fógraíodh an maoiniú, agus an 20 Lúnasa.

Dúirt Urlabhraí Dlí agus Cirt de chuid Shinn Féin Pa Daly go bhfuil na hacmhainní breise ag teastáil ach dúirt sé freisin: ‘Ba mhaith liom rabhadh a thabhairt maidir le gnéithe áirithe de na hathruithe atá beartaithe.

‘Tá sé ríthábhachtach go gcuirfí an cheist thábhachtach seo ina gceart. Teastaíonn tuilleadh sonraí uainn maidir le himscaradh aonad freagartha armtha agus oird phoiblí.

‘Caithfidh sé seo a bheith ina fhreagra gearrthéarmach. Éilíonn an phóilíneacht creideamh agus comhoibriú na bpobal atá á bpóilíniú.’


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram