Tá sé ráite ag Saoirse Ronan faoi Paul Mescal, ‘go maróidh sé mé,’ tar éis an scéil is déanaí a d’inis sí faoi.
Labhair sí faoi Mescal, ag magadh, tar éis na chéad pictiúir a scaoileadh óna scéinséir (thriller) nua.
Cé gur dlúthchairde iad, dúirt Saoirse, a bhí ainmnithe le haghaidh Oscar ceithre huaire, gurb é an chéad uair a chonaic sí Paul ag aisteoireacht bhí sé i bhfógra ispíní (sausage advert).
In 2018, roimh an ról a rinne cáil air i Normal People, bhí an gig is mó ag Paul Mescal i bhfógra do Denny’s sausages.
Ag an am, bhí sé i ról déagóir a spreagtar chun taisteal ar fud an domhain tar éis ispíní a ithe.
‘Ba é an chéad uair a chonaic mé Paul ag aisteoireacht bhí sé i bhfógra do ispíní Denny in Éirinn,’ a dúirt Saoirse le Bazaar.
‘Maróidh sé mé as é a lua ach – ní ag magadh atáim i ndáiríre – b’in é an chéad uair a dúirt mé, “Ó cé hé an fear sin? Tá sé an-mhaith.”‘
Tagann admháil Saoirse ag an am céanna a eisítear na chéad pictiúirí don scannán, Foe, bunaithe ar úrscéal síceolaíochta Iain Reid.
Suite i dtodhchaí diostópach (Set in a dystopian future), tá Paul I ról feirmeoir tuaithe a fhaigheann deis dul amuigh sa spás ar feadh roinnt blianta chun cabhrú le daoine aistriú ón saol ar domhan atá ag fáil bháis go tapa.
Mar sin féin, ar ordú ó ionadaí aisteach rialtais, fágann sé leagan AI de féin sa bhaile lena bhean chéile, Hen (Saoirse).
Roinn Vanity Fair roinnt pictiúir ón scannán atá le teacht, agus a bhí á stiúradh ag Garth Davis (Lion, The Top of the Lake).
I bpictiúr amháin tá Saoirse sa leaba agus tá Paul ag claonadh anonn chun a gualainn a phógadh.
I bpictiúr eile tá Saoirse cráite fós ag breathnú i gcéin.
Ní hé seo an chéad uair a labhair Saoirse faoina meas ar Paul.
Dúirt an t-aisteoir as Ceatharlach go raibh aithne acu ar a chéile ar feadh i bhfad ach d’fhás siad níos gaire le Chéile agus iad ag déanamh Foe, a scannánaíodh san Astráil.
Dúirt Saoirse: ‘Bhí aithne againn ar a chéile roimhe seo, díreach trí chairde.
‘Táimid an-chóngarach, áfach, ó rinne muid an scannán.’
Dúirt an réalta Ladybird : ‘Is fíorchairde sinn anois; ní cairde Hollywood sinn.’
Scaoilfidh Amazon Studios an scannán Foe in amharclanna an 6 Deireadh Fómhair.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.