Úinéir beáir Éireannach i Haváí ag bailiú €100,000 d’íospartaigh dóiteáin

16/08/2023

Tá tacaíocht á lorg i Haváí tar éis líon na marbh a ardú go 99 agus deir an gobharnóir go bhfuil na céadta eile ar iarraidh

Tá Éireannach a bhainistíonn beár i Maui ag iarraidh €100,000 a bhailiú chun cabhrú le muintir an oileáin i Haváí tar éis dó a bheith scriosta ag tine.

Is leis Mike O’Dwyer, arb as Tiobraid Árann é, Mulligans On the Blue Pub agus Fabiani’s Italian Restaurant agus tá sé ag iarraidh oiread airgid agus is féidir a chruinniú ó tharla an tine.

Mike O'Dwyer ar Haváí
Mike O’Dwyer ar Haváí

Tá ar a laghad 99 duine básaithe agus tá na céadta fós in easnamh, a deir an gobharnóir Josh Green.

Tá an tUasal O’Dwyer ina chónaí i Haváí le 25 bliain anuas agus dúirt sé go bhfuil sé ag iarraidh an t-airgead a bhailiú le tabhairt ar ais don cheantar atá ina chónaí ann le beagnach trí scór bliain.

Ag labhairt dó ar The Pat Kenny Show ar Newstalk, dúirt an tUasal O’Dwyer go bhfuil aithne aige ar dhaoine nár aimsíodh go fóill ó thosaigh an tine.

‘Tá sé ag éirí soiléir nach mbeidh na daoine seo le fáil,’ a dúirt sé.

‘Tá fear ann a d’oibrigh dom agus ní féidir linn é a aimsiú. D’oibrigh sé liom 20 bliain ó shin, ar feadh bliana – tá sé féin agus a mhac ar iarraidh, mar aon leis na daoine eile.’

hawaii fire ruin 2

Dúirt an tUasal O’Dwyer gur bhog an tine chomh gasta sin go raibh sé ag taistil ag míle sa nóiméad.

‘Chuaigh cara liom a chuardach ar a charr, agus dúirt sé nach raibh ann ach dusta ar an mbóthar,’ a dúirt sé.

Dúirt an tUasal O’Dwyer go bhfuil na hiarrachtaí fóirithinte (relief efforts) ina gcúis le conspóid i Haváí, agus go leor á cáineadh.

‘Níl gá leis sin faoi láthair,’ a dúirt an tUasal O’Dwyer.

‘Caithfidh muid oibriú le chéile mar níl aon bhealach eile seachas dul ar aghaidh.’

Tar éis an tine
Tar éis an tine

Tá iarracht tiomsú airgid (fundraising effort) GoFundMe curtha ar bun ag an bhfear gnó a bhfuil os cionn €10,000 bailithe aige go dtí seo.

Agus é ag scríobh ar an leathanach GoFundMe, dúirt sé: ‘Seo iad Mike O’Dwyer agus Shirley Binning, tá an bheirt againn tar éis a bheith inár gcónaí ar Maui le breis agus 25 bliain agus tá sé in am Dúinn tabhairt ar ais anois.

‘Cabhróidh an t-airgead go léir a bhaileofar le daoine teacht chucu féin ón tragóid seo.

‘Ní bheidh aon airgead gan chuntas agus déanfar é a chaitheamh chomh críonna agus is eol dúinn agus dul díreach chuig an gcúis.’

Dúirt an tUasal O’Dwyer: ‘Tá sé deacair earraí agus rudaí a thabhairt isteach faoi láthair.’

Dúirt sé freisin go raibh tús curtha ag turasóirí le cuairt a thabhairt ar shuíomh na dtinte.

Peter O'Riordan
Peter O’Riordan

‘Mar a dúirt príomhfheidhmeannach na bpóilíní dhá lá ó shin, “Stop le bhur dtoil. Tá sibh ag siúl ar dhaoine”,’ a dúirt sé.

Tá iar-láithreoir Xposé Peter O’Riordan ar dhuine díobh siúd atá buailte ag na tinte. Dúirt sé gur chaill sé a theach sna tinte, agus é ag rá gur ‘nightmare beo’ é.

Thug Peter le fios gur theith sé a bhaile ar an oileán lena theaghlach agus gur chaill siad ‘gach rud’.

Chun síntiús a thabhairt don GoFundMe téigh anseo.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram