Tá fógraí fiuchta uisce (boil water notices) i bhfeidhm i dtrí chontae mar gheall ar ghníomhaíocht thionsclaíoch ag roinnt monarchana uisce, a dúirt Uisce Éireann.
Dúirt an ceannasaí oibriúcháin (head of operations) Uisce Éireann, Tom Cuddy go bhfuil picéid ag 17 ionad cóireála uisce.
Tá fógraí fiuchta uisce (boil water notices) curtha i bhfeidhm do roinnt ceantar i bPort Láirge, Tiobraid Árann agus Corcaigh, rud a théann i bhfeidhm ar thart ar 100,000 duine.
Tá sé seo mar gheall ar aighneas idir an ceardchumann Unite agus ocht n-údarás áitiúla.
Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt an tUasal Cuddy: Tá fógraí fiuchta uisce (boil water notices) i bhfeidhm ag seacht gcinn de na háiteanna sin mar gheall ar an mbaol agus tá siad sin i gcontaetha Phort Láirge, Thiobraid Árann agus Chorcaí.’
Dúirt Cuddy, roimh é seo, nach bhfuil an t-aighneas le hUisce Éireann agus go bhfuil sé lasmuigh dá smacht.
Mar sin féin beidh tionchar aige ar chustaiméirí Uisce Éireann.
Dúirt an tUasal Cuddy freisin go bhfuil sé ag iarraidh ar Unite na meicníochtaí aitheanta um réiteach díospóide a úsáid chun an cheist seo a réiteach agus chun dul i dteagmháil leis na comhlachtaí ionadaíocha ábhartha.
Mar sin féin, méadóidh baill Unite ,atá ag obair i seirbhísí seachadta uisce d’ocht n-údarás áitiúla, a ngníomhaíocht thionsclaíoch an tseachtain seo le trí lá eile de stadanna.
Tá sé tugtha le fios ag an gceardchumann go bhfuil siad fós ar fáil chun teacht le chéile go díreach, nó trí thríú páirtí atá molta agus comhaontaithe, chun iarracht a dhéanamh an t-aighneas a réiteach.
Eisíodh fógra roimhe seo do 12 limistéar an 12 Iúil ach baineadh é naoi lá ina dhiaidh sin.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.