Ba é an tUachtarán Michael D Higgins an chéad duine i measc go leor a thug ómós do Shinéad O’Connor a fuair bás in aois a 56.
Dúirt an tUachtarán gurbh é an chéad smaoineamh a bhí aige nuair a chuala sé go raibh Sinéad marbh ná ‘cuimhin a dhéanamh ar a guth thar a bheith álainn agus uathúil’.
I ráiteas, dúirt muintir an amhránaí: ‘Is mór an trua dúinn bás ár ngrá Sinéad a fhógairt.
‘Tá a teaghlach agus a cairde scriosta agus tá príobháideachas iarrtha acu ag an am an-deacair seo.’
Bhain O’Connor réalta idirnáisiúnta amach i 1990 lena leagan den amhrán le Prince, Nothing Compares 2 U.
Ach bhí cáil uirthi in Éirinn cheana féin ón gcéad albam c chuir sí amach agus a léirigh sí freisin , The Lion And The Cobra , i 1987 .
Dúirt an tUachtarán: ‘Dóibh siúd againn a raibh sé de phribhléid againn aithne a chur uirthi, ní fhéadfaí ach i gcónaí a bheith buailte ag doimhneacht a tiomantais (depth of her commitment) gan eagla do na saincheisteanna tábhachtacha a tharraing sí ar aird an phobail air, is cuma cé chomh míchompordach is a bhí na fírinní sin.’
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar: ‘Bhí an-ghrá ar a cuid ceoil ar fud an domhain agus ní raibh aon mhacasamhail ar a cuid tallann agus ní raibh aon chomparáid leis.’
SCÉALTA SINÉAD: Bhí Sinéad ag críochnú albam nua ‘dochreidte’
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go raibh sé ‘thar a bheith brónach’ a fháil amach faoi bhás ‘ceann de na híocón (icon) ceoil is mó a bhí againn, agus duine a raibh meas mór ag muintir na hÉireann uirthi, agus níos faide i gcéin’.
Maireann a triúr clainne ar O’Connor. Fuair a mac, Shane, bás anuraidh in aois a 17.
Bhí slí bheatha chonspóideach aici. I 1992, stróic sí (she tore) grianghraf den Phápa Eoin Pól II ar an gclár teilifíse Meiriceánach Saturday Night Live mar agóid i gcoinne mí-úsáid gnéis leanaí san Eaglais Chaitliceach.
Dhiúltaigh sí amhrán náisiúnta Mheiriceá a sheinm freisin roimh a ceolchoirmeacha agus in 2007 dúirt sí le Oprah Winfrey go go raibh bipolar aici le ceithre bliana anuas.
Dúirt sí go raibh sí ag streachailt le smaointe féinmharaithe agus eagla.
Oirníodh O’Connor ina shagart ina dhiaidh sin ag an Easpag Tridentine conspóideach Michael Cox ó Eaglais Cheartchreidmheach Chaitliceach agus Aspalda na hÉireann (Irish Orthodox Catholic and Apostolic Church). agus d’fhógair go raibh sí ag iarraidh go dtabharfaí an Mháthair Bernadette Mary uirthi.
Mar sin féin, in 2018 d’iompaigh sí go Ioslam.
SCÉALTA SINÉAD: Bhí Sinéad ‘sona sásta agus gealgháireach’ ag deireadh
Rugadh Sinéad i nGleann na gCaorach, Co Bhaile Átha Cliath, ar 8 Nollaig 1966.
Bhí sí ar an tríú duine den chúigear clainne a bhí ag Seán agus Marie O’Connor. Is iad an t-úrscéalaí Joseph, Eimear, John agus Eoin na daoine eile.
Innealtóir struchtúrach ba ea a hathair a bhí ina abhcóide nios déanaí agus a bhí mar chathaoirleach ar an nGrúpa Gníomhaíochta Colscartha (Divorce Action Group).
Scar a tuismitheoirí nuair a bhí Sinéad ocht mbliana d’aois agus chónaigh an triúr leanaí is sine lena máthair.
Mhaígh Sinéad níos déanaí gur fhulaing siad mí-úsáid fhisiciúil agus mheabhrach ag a máthair. Fuair a máthair bás i dtimpiste cairr i 1985.
In aois a 11 d’aistrigh Sinéad chun cónaí lena hathair agus lena bhean chéile nua ach nuair a bhí sí 15 bliana d’aois cuireadh go scoil cheartúcháin (reform school) Magdalene í ar feadh 18 mí mar gheall ar gadaíocht siopa.
Mar sin féin, le linn an am sin, d’éirigh lei a cuid amhránaíochta a fhorbairt agus i 1987 d’eisigh sí an chéad cheann dá deich n-albam, The Lion And The Cobra.
Bhí sí pósta ceithre huaire agus bhí ceathrar clainne aici.
Ba é Jake a céad mhac, lena fear céile John Reynolds. Bhí iníon aici ansin, Róisín, i 1995, leis an iriseoir John Waters. Scoilt an lánúin agus tar éis cath cúirte searbh d’aontaigh siad coimeád a n-iníon a roinnt.
I 2001 phós sí an t-iriseoir Briotánach Nick Sommerlad. Tháinig deireadh leis an bpósadh sin i 2004, an bhliain a raibh an tríú leanbh ag an amhránaí, Shane, leis an gceoltóir Donal Lunny.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí a ceathrú páiste aici, Yeshua, le Frank Bonadio, iar-fhear céile an amhránaí Mary Coughlan.
Phós Sinéad an ceoltóir Steve Cooney – cara le fada an lá – in 2010 ach scar siad bliain ina dhiaidh sin.
Phós sí ansin an teiripeoir Barry Herridge i Las Vegas ach níor mhair an pósadh ach mí.
Labhrófar faoi Shinéad mar gheall ar chonspóidí a saoil ach beidh cuimhne uirthi mar gheall ar an gceol álainn a rinne sí dúinn.
Ar dheis Dé go raibh a hanam.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.