Beirt d’fhoireann Trump cúisithe as doiciméid a cheilt

28/07/2023

Níor ghortaigh na cúisimh seasamh Trump agus é ag iarraidh dul in aghaidh Joe Biden i dtoghchán 2024.

D’ordaigh Donald Trump d’fhostaithe (employee) ag a ionad saoire i Florida CCTV a scriosadh agus é á fhiosrú faoi doiciméid rúnaicmithe (classified) a choinneáil, a deir ionchúisitheoirí (prosecutors).

Tá siad ag leathnú an cás i gcoinne an iar-uachtarán agus ag cúisiú an dara ball dá fhoireann (staff) as cuidiú le doiciméid a cheilt.

Chuir Abhcóide Speisialta na Stáit Aontaithe Jack Smith trí chás coiriúla (criminal) nua i gcoinne an Uasail Trump, rud a thug an t-iomlán go 40.

Donald Trump
Donald Trump

Chuir an tUasal Smith chás freisin in aghaidh oibrí ag ionad saoire Mar-a-Lago an tUasal Trump.

Sé sin Carlos De Oliveira. Tá sé cúisithe as comhcheilg chun bac a chur ar cheartas (obstruction of justice). Tá siad ag cur ina leith gur chabhraigh sé leis an Uasal Trump doiciméid a cheilt.

Dúirt an tUasal De Oliveira, 56, le hoibrí eile ag an ionad saoire ina bhfuil an tUasal Trump ina chónaí, go raibh ‘an Boss’ ag iarraidh físeáin slándála den mhaoin i Florida a scriosadh tar éis don Roinn Dlí agus Cirt iad a fhomhíriú (subpoenaed).

Chuir ionchúisitheoirí cúiseamh freisin ar an Uasal De Oliveira as bréag a insint don FBI le linn agallaimh, ag maíomh go bréagach nach raibh baint ar bith aige le boscaí de dhoiciméid rúnaicmithe a bhogadh ag Mar-a-Lago.

Joe Biden ag dul in aghaidh Donald Trump
Joe Biden ag dul in aghaidh Donald Trump

‘Ní fhaca sé faic,’ a dúirt an tUasal De Oliveira leis na gníomhairí, de réir an díotáil (indictment).

Chuir ionchúisitheoirí cúisimh bhreise i gcoinne cúntóir eile an Uasail Trump, Walt Nauta.

Phléadáil an tUasal Nauta neamhchiontach níos luaithe an mhí seo as cúisimh a chabhraigh sé leis an iar-uachtarán na doiciméid a cheilt.

De réir na gcúiseamh nua, bhog an tUasal Nauta agus an tUasal De Oliveira 64 bosca taifead chuig áit chónaithe an Uasail Trump tar éis don Roinn Dlí agus Cirt an tUasal Trump a fhógairt i mBealtaine 2022 le haghaidh aon taifid rúnaicmithe.

Níor chuir siad ar ais ach 30 díobh ina dhiaidh sin lena n-iniúchadh ag Evan Corcoran, aturnae de chuid Donald Trump a d’iarr athbhreithniú a dhéanamh ar a n-ábhar chun cloí leis an subpoena.

An FBI ag Mar-a-Lago de chuid Donald Trump
An FBI ag Mar-a-Lago de chuid Donald Trump

Níor ghortaigh na cúisimh seo seasamh an Uasail Trump agus é ag iarraidh dul in aghaidh Joe Biden ar son na Poblachtánaigh i dtoghchán 2024.

A mhalairt ar fad atá i gceist, tá méadú tagtha ar tacaíocht an Uasail Trump ar an gobharnóir is gaire ó Florida, Ron DeSantis.

Léirigh pobalbhreith Reuters/Ipsos níos luaithe an mhí seo go raibh an tUasal Trump chun tosaigh ar an tUasal DeSantis le 47% in aghaidh 19% i measc na bPoblachtánach. Is 44% in aghaidh 29% a bhí sé roimh an gcéad díotáil (indictment) i Nua-Eabhrac i mí an Mhárta.

Tá an tUasal Trump le dul chun trialach i mí an Mhárta 2024 i Nua-Eabhrac agus Bealtaine 2024 i Florida, agus ag an bpointe sin féadfar cinneadh a dhéanamh cheana féin ar ainmniúchán na bPoblachtánach.

Mar-a-Lago de chuid Donald Trump
Mar-a-Lago de chuid Donald Trump

Cuireadh na cúisimh os comhair an phobal uaireanta tar éis don Uasal Trump a rá gur bhuail a chuid aturnaetha le hoifigigh na Roinne Dlí agus Cirt agus iad ag fiosrú a iarrachtaí chun a chaillteanas i dtoghchán 2020 do Joe Biden a chur ar ceal.

Ceaptar anois go bhféadfadh sraith cúisimh choiriúla teacht go luath.

‘Ní rud ar bith é seo ach iarracht éadóchasach leanúnach ag an Teaghlach Coireachta Biden (Biden Crime Family) agus a Roinn Dlí agus Cirt chun an tUachtarán Trump agus iad siúd timpeall air a chiapadh (harass),’ a dúirt feachtas an Uasail Trump i ráiteas.

Phléadáil an tUasal Trump neamhchiontach i Miami an mhí seo caite as cúisimh feidearálach as doiciméid an rialtais rúnaicmithe a choinneáil go neamhdhleathach tar éis dó an oifig a fhágáil in 2021 agus bac a chur ar cheartas.

Chuir ionchúisitheoirí ina leith gur chuir siad roinnt de na rúin slándála náisiúnta is íogaire sna Stáit Aontaithe i mbaol.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram