Tá an Rialtas ag meas scéim le leabhair saor in aisce do dhaltaí meánscoile a thabhairt isteach mar chuid den idirbheartaíocht buiséid.
Tá fonn ar an Aire Oideachais Norma Foley síneadh a chur leis an scéim do leabhair bunscoile saor in aisce, do dhaltaí meánscoile.
Beidh an scéim leabhair bunscoile i bhfeidhm ó Mheán Fómhair.
Leagfaidh Ms Foley amach a cás don mhaoiniú nuair a thosóidh a cainteanna faoin mbuiséad leis an Aire Airgeadais Michael McGrath agus leis an Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe sna seachtainí atá romhainn.
Ag cruinniú réamh-bhuiséid de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil le déanaí, d’áitigh roinnt Teachtaí Dála agus Seanadóirí Ms Foley agus an tUasal McGrath chun síneadh a chur leis an scéim leabhar in aisce chuig iar-bhunscoileanna.
Fuair Ms Foley maoiniú de €50 milliún don chlár leabhar in aisce do dhaltaí bunscoile sa bhuiséad deireanach agus meastar gur dócha go gcuirfear síneadh leis an scéim chomh fada agus a bheidh maoiniú ar fáil i mí Dheireadh Fómhair.
Tá go leor éileamh iomaíoch ar mhaoiniú ag an Aire ach dúirt foinse sinsearach Rialtais go bhfuil ‘comhionannas deiseanna agus rochtain ar oideachas’ mar phríomhphlean dá leasuithe ar an earnáil.
‘Deir Norma nach bhfuil sna leabhair in aisce do pháistí bunscoile ach an chéad chéim chun an costas a bhaineann le leanaí a chur isteach san oideachas a laghdú,’ a dúirt an fhoinse.
Faoi scéim na mbunscoileanna tugtar saorthéacsanna, leabhair oibre agus cóipleabhair do na scoláirí.
Cé go bhfuil oscailteacht don togra laistigh den Roinn Airgeadais, táthar ag súil go gcosnóidh sé i bhfad níos mó ná an scéim bunscoile mar go bhfuil leabhair meánscoile níos costasaí.
Díreoidh Ms Foley freisin a cuid éileamh buiséid ar an méid maoinithe a mhéadú do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta.
Féachfaidh sí freisin leis an gcóimheas múinteoir/dalta i scoileanna a rinne sí i mbuiséid roimhe seo a laghdú.
Díreofar i mBuiséad Dheireadh Fómhair ar chostais do theaghlaigh a laghdú trí tháillí cúram leanaí a laghdú agus oideachas a dhéanamh níos inacmhainne.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.