Tá sé ráite ag Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí nach bhfuil Ryan Tubridy á íoc ag an stáisiún faoi láthair go dtí go n-aontófar ‘leibhéal’ pá nua.
Dúirt Tubridy leis an gcoiste níos luaithe an tseachtain seo go raibh sé fós á íoc ag RTÉ.
Ní raibhsé ar an aer ó bhris scéal na n-íocaíochtaí ar 22 Meitheamh.
Nuair a fiafraíodh de inniu an raibh aon tuarastal á íoc le Tubridy faoi láthair, áfach, dúirt Bakhurst: ‘Amhail ón tseachtain seo, níl. Mar ní mór dúinn a aontú cad é an leibhéal sin.’
Dúirt an Stiúrthóir Gnóthaí Dlí Paula Mullooly gurb é dearcadh RTÉ go bhfuil deireadh le conradh Tubridy, ach dúirt sí go bhfuil sé soiléir nach aontaíonn gníomhaire Tubridy, Noel Kelly, leis sin.
Dúirt Bakhurst go mbeidh próiseas cothrom i bhfeidhm agus é ag ullmhú le cinneadh a dhéanamh ar thodhchaí Tubridy in RTÉ.
Dúirt sé go gcaithfeadh sé an rud atá ceart a dhéanamh don íocóir ceadúnais agus do RTÉ agus an cinneadh sin á dhéanamh aige.
Chuala an coiste ó Bakhurst go bhfuair RTÉ sonrasc (invoice) ó ghníomhaire Tubridy an tseachtain seo ach nach bhfuil sé íoctha go fóill.
Tar éis chruinniú an choiste, áfach, d’eisigh RTÉ ráiteas ag rá: ‘Mar shoiléiriú, cé gur luaigh Kevin Bakhurst ag cruinniú de chuid PAC inniu go raibh sonrasc ó NK Management do Ryan Tubridy feicthe aige an tseachtain seo, fuair RTÉ an sonrasc i mí an Mheithimh.’
Tá sé tugtha le tuiscint freisin go bhfiosrófar an socrú iomarcaíochta a rinneadh le hiar-Phríomhoifigeach Airgeadais na heagraíochta Breda O’Keeffe.
Tugadh ‘pacáiste’ iomarcaíochta deonaí di in 2020 ach níl sé ráite cad a bhí ann.
Dúirt sí leis an Choiste um Meáin an tseachtain seo caite go raibh ‘pacáiste’ faighte aici ó RTÉ.
Ag an PAC ar Déardaoin, áfach, dúirt Leas Phríomh-Stiúrthóir Eatramhach RTÉ Adrian Lynch gurb é sin an chéad uair a chuala sé faoi shocrú iomarcaíochta le Breda O’Keeffe.
Dúirt Alan Kelly TD de chuid Pháirtí an Lucht Oibre gur chóir an socrú a bheith ceadaithe ag gach ball de bhord feidhmiúcháin RTÉ.
Dúirt Lynch, áfach, nár phléigh an bord feidhmiúcháin an socrú riamh.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.