Tar éis ‘hate crime’ faoi Leo, anois tá íomhá de Michelle O’Neill curtha ar ‘bonfire’ don Twelfth

Iarradh ar an PSNI an eachtra a fhiosrú tar éis iarracht ‘fuath seicteach (sectarian) a chur chun cinn’ ar an Twelfth.

Tá íomhá de leas-uachtarán Shinn Féin Michelle O’Neill curtha ar thine chnámh (bonfire) i gCo Thír Eoghain (Tyrone) mar chuid de chomóradh an Twelfth.

Bhí an pictiúr, chomh maith le bratacha na hÉireann, le feiceáil ar an tine chnámh i nDún Geanainn (Dungannon) tráthnóna Dé Máirt.

Twelfth
Leo Varadkar ar ‘bonfire’

Ar an Satharn, cuireadh bratacha na hÉireann agus póstaer don Taoisigh Leo Varadkar ar bharr tine chnámh i Maigh Ghall (Moygashel), Co. Thír Eoghain, sular lasadh é.

Cáineadh an eachtra sin go forleathan agus tá sé á láimhseáil mar choir fuatha (hate crime) ag na póilíní sa Tuaisceart.

Tá sé ráite ag MLA de chuid Shinn Féin, Colm Gildernew, gur cheart don PSNI imscrúdú a dhéanamh ar thine chnámh i nDún Geanainn mar choir fuatha freisin.

‘Tá íomhá de leas-uachtarán Shinn Féin Michelle O’Neill curtha ar thine chnámh taobh le bratach náisiúnta na hÉireann i nDún Geanainn,’ a dúirt an MLA Fhear Manach (Fermanagh) agus Thír Eoghain Theas (South Tyrone).

‘Is coir fuatha seicteach é seo. Ní cultúr ar bith é seo.

‘Níor cheart aon tine chnámh a úsáid chun fuath seicteach agus “bigotry” a chur chun cinn agus ní mór dúinn glacadh le cur chuige “zero-tolerance” maidir leis an gcineál seo iompair ar fud na sochaí.

Twelfth

‘Caithfidh an PSNI imscrúdú a dhéanamh anois ar an léiriú seo mar choir fuatha.

‘Caithfidh gach ceannaire polaitíochta seasamh le chéile i gcoinne na dtaispeántas seo agus a dhéanamh soiléir nach bhfuil áit ar bith acu sa tsochaí seo.’

Chuir an leathanach Facebook ‘Loyalist Eastvale Avenue Bonfire Dungannon’ íomhá den tine chnámh suas agus pictiúr de leas-uachtarán Shinn Féin air.

Moladh do dhaoine, ‘don’t miss the beast from the East’ agus dúradh leo faoi ‘láithreacht aoi (le) Michelle O’Neill’.

SCÉAL EILE: Martin ‘á lorg le bheith ina Uachtarán nua ar Choimisiún an Aontais Eorpaigh’

Beidh tinte cnámh ar lasadh ag dílseoirí ar fud an Tuaiscirt mar chuid de Twelfth an Ord Oráisteach (Orange Order).

Beidh paráidí ar siúl in 18 áit ar Dé Céadaoin agus dúirt an Grand Orange Lodge na hÉireann go nglacfaidh thart ar 500,000 duine páirt sna paráidí nó go bhfeicfidh siad na máirseálacha.

Ba iad na máirseálacha an Twelfth ba chúis le hionsaithe seicteach ar náisiúnaithe in imeacht na mblianta ach le déanaí tá  eachtraí áirithe cáinte ag polaiteoirí Aontachtacha.

Chuir ceannaire an UUP, Doug Beattie, síos ar an eachtra le híomhá de Ms O’Neill mar ‘olc agus fuathmhar’, agus dúirt sé ‘nach mbaineann sé sin rud ar bith amach’.

SCÉAL EILE: Is féidir leat dul chuig an ollscoil (university) anois gan an Ardteist (Leaving Cert) a dhéanamh

Agus i nDoire chuir baill den Ord Oráisteach moill ar pharáid eaglaise bliantúil, le roinnt acu ag seasamh agus ag moladh, nuair a bhí foireann CLG peile mionúir Dhoire ag dul tríd a sráidbhaile.

Bhí foireann Dhoire ar a mbealach abhaile tar éis dóibh teideal na Mionúr Craobh na hÉireann a bhuachaint in aghaidh Mhuineacháin tráthnóna Dé Domhnaigh, agus bhí siad ag dul tríd an Mhuine Mhór (Moneymore) ar a dturas fillte.

Tháinig siad go dtí an sráidbhaile ag an am céanna le tús na Paráid an Twelfth bliantúil sa sráidbhaile.


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram