Bhí Ryan Tubridy diongbháilte uaireanta, leithscéalach uaireanta agus go minic gar do dheora agus é ag iarraidh a phost agus a dhea-cháil a shábháil.
Chuaigh sé os comhair dhá choiste Oireachtais, lena ghníomhaire Noel Kelly, ag lorg a phost ar ais agus dúirt sé: ‘It’s all I’ve got.’
Agus é ag tabhairt aghaidh ar an-chuid ceisteanna an-diana chruthaigh sé rud amháin ar aon nós:
Is féidir leis an iar-óstach an Late Late Show fós lucht féachana ollmhór a mhealladh nuair a bhíonn sé le feiceáil ar an teilifís.
Agus daoine ar fud na tíre ag faire ar an ‘daytime drama’, d’fhoghlaim Tubridy go mbeidh air fanacht sula mbeidh a fhios aige an bhfaighidh sé a phost ar ais.
Nuair a chríochnaigh na fiosruithe dúirt Kevin Bakhurst, ardstiúrthóir nua RTÉ, go raibh Tubridy mícheart ag ceapadh go bhféadfadh sé a bheith as a phost faoi dheireadh na seachtaine.
Ach níor thug Bakhurst aon gheallúint maidir le todhchaí fadtéarmach an láithreora.
Thug Bakhurst le fios go ndéanfaí cinneadh faoi chlár Tubridy ar RTÉ Raidió 1 faoi dheireadh na míosa.
Bhí Tubridy agus Kelly ag troid lena gclú a athbhunú tar éis dóibh a bheith faoi ‘media frenzy’ mar gheall ar an scannal faoi íocaíocht breise de €345,000 le Tubridy thar sé bliana.
Dúirt an láithreoir go raibh sé ag streachailt fiú a theach a fhágáil le seachtainí beaga anuas.
Bhí sé mothúchánach nuair a chuir sé síos ar na 20 lá deiridh mar ‘millteach agus thar a bheith deacair’.
Dúirt sé: ‘Ní fhaca mé a leithéid riamh. Níl a fhios agam an raibh aon duine agaibh curtha ar ceal (cancelled) roimhe seo ach lig dom a rá libh, níor mhaith libh a bheith ann.’
Dúirt Tubridy go bhfuil sé ag iarraidh a bheith ar ais ar an aer ‘chomh luath agus is féidir’.
Dúirt sé gur ‘áit iontach’ é RTÉ, agus chuir sé an milleán ar fheidhmeannaigh in RTÉ as na trioblóidí.
Dúirt sé leis na coistí gur chruthaigh ráitis ó RTÉ ‘fog of confusion’ agus leag sé amach seacht rud ‘mhícheart’ a dúradh faoi.
Dúirt Kelly ‘tá go leor bréaga ann’ agus go raibh Tubridy mar an ‘poster boy for this scandal’.
Dúirt sé: ‘Tháinig muid féin anseo inniu. Seo an chéad uair a bhí deis againn labhairt, má tá aon locht ann is ar RTÉ é.’
Dúirt Tubridy nach raibh sé ‘fíor’ nár ghlac sé ciorrú pá ó RTÉ agus go bhfuil os cionn leathmhilliún euro caillte aige i gciorruithe pá ina ghairm bheatha.
Dúirt sé nach raibh a fhios aige go raibh RTÉ ag ceilt íocaíochtaí leis, agus d’áitigh sé nach raibh aon rud rúnda faoi na híocaíochtaí ó Renault mar mhalairt ar láithrithe ‘poiblí’.
Dúirt sé freisin ‘nach rún é’ gur gheall RTÉ an comhaontú le Renault a fhrithghealladh (underwrite): ‘Bhí a fhios ag gach duine in RTÉ a raibh gá go mbeadh fhios acu. I bhfad ó bheith rúnda, bhí eolas ag an-chuid faoi.’
Dúirt sé arís agus arís eile nár thóg sé an cinneadh an Late Late Show a fhágáil mar gur tháinig eolas amach go raibh íocaíochtaí dó á bhfiosrú.
Dúirt sé gur cinneadh an-phearsanta a rinne sé beagnach bliain sula ndúirt sé go raibh sé ag éirí as i mí an Mhárta, agus luaigh sé ‘burnout’ i ndiaidh Covid mar chúis leis an gcinneadh.
Dúirt Tubridy and Kelly roinnt uaireanta gur cheap siad go raibh na trí íocaíocht de €75,000 le trí bliana anuas ag teacht ó Renault.
Dúirt Tubridy go bhfuil trí gig déanta aige do Renault faoin gcomhaontú seo. Cuireadh moill orthu go dtí 2022 mar gheall ar an bpaindéim. Dúirt sé gur cheap sé go raibh seisear eile le déanamh aige fós.
Dúirt sé: ‘Ní theastaíonn airgead saor in aisce,’ agus dúirt sé go dtabharfadh sé ar ais an €150,000 a bhí faighte aige cheana féin mura dtéann na seónna ar aghaidh.
Dá bhfillfeadh sé ar an raidió, gheall Tubridy téarmaí a chonartha a fhoilsiú ar bhonn bliantúil.
Dúirt sé go bhfuil sé ag iarraidh a dhea-ainm a bhí ‘sullied’ a fháil ar ais.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.