Dúirt an duine óg a bhí i lár na conspóide faoi líomhaintí íomhánna gnéis agus láithreora an BBC nár tharla aon rud míchuí.
Dúirt siad go bhfuil na líomhaintí in aghaidh láithreora cáiliúil de chuid an BBC ‘seafóid’.
Scríobh dlíodóir don duine óg chuig an BBC ag maíomh nár tharla aon rud míchuí nó mídhleathach.
Mar sin féin, tá na póilíní i mbun fiosrúchán breise le fáil amach an bhfuil aon choir déanta.
Dúirt na póilíní go bhfuil measúnú á dhéanamh acu ar an bhfaisnéis atá acu ach nach bhfuil imscrúdú ar siúl acu fós tar éis líomhaintí gur íoc an láithreoir na mílte punt ar dhéagóir as íomhánna gnéis (sexual images).
Tá duine fireann d’fhoireann an BBC curtha ar fionraí tar éis maíomh gur íoc sé timpeall £35,000 (€40,000) le duine óg thar thréimhse trí bliana, ó bhí sé 17 mbliana d’aois, as íomhánna.
Thuairiscigh an Sun go ndearna an láithreoir glaonna ar an duine an tseachtain seo caite, tar éis na líomhaintí a bheith ar eolas, agus dúirt sé leo insint dá mháthair stop a chur leis an imscrúdú.
Dúirt litir ó dhlíodóir an duine óig: ‘Chun amhras a sheachaint, níor tharla aon rud míchuí nó mídhleathach idir ár gcliant agus pearsantacht an BBC agus is seafóid iad na líomhaintí a tuairiscíodh i nuachtán The Sun.’
Dúirt urlabhraí de chuid The Sun: ‘Tá scéal tugtha againn faoi imní beirt tuismitheoirí a rinne gearán leis an BBC faoi iompar láithreora agus faoi leas a linbh.
‘Níor ghníomhaigh an BBC ina ngearán,’ a líomhain The Sun.
Dúirt an BBC go raibh gearán á fhiosrú acu ó mhí na Bealtaine, agus gur tugadh éilimh nua de ‘chineál éagsúla’ chuici Déardaoin.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.