

Tá rabhadh tugtha ag an HSE faoin chontúirt a bhaineann le ‘vapes’ mídhleathacha atá á ndíol in Éirinn.
Tá baisceanna de na vapes mídhleathacha a bhí ar díol ar fud na tíre gafa ag an HSE.
Tá casanna cúirte tugtha ag an HSE as a dtáinig 11 ordú scriosta as cúirteanna ar fud na tíre.

Tá 11 rabhadh sábháilteachta Eorpacha seoltadh acu freisin maidir le ‘vapes’ a bhfuil riosca mór ag baint leo, dóibh siúd a úsáideann ‘vapes’.
Ciallaíonn sé sin gur chuir siad a gcomhghleacaithe i dtíortha eile an AE ar an eolas faoi na ‘vapes’ seo.
Is féidir le díoltóirí ar bith ‘vapes’ a dhíol anseo toisc nach bhfuil reachtaíocht tugtha isteach ag an Rialtas fós chun é seo a rialú.
SCÉAL EILE:
Foláireamh sláinte! Deir an HSE le díoltóirí dhá tháirge ‘Vape’ a thabhairt ar ais
Agus níl dáta tugtha fós ag an Roinn Sláinte maidir le cén uair a thabharfar reachtaíocht isteach.
Tá dualgais ar díoltóirí glacadh le treoracha an AE maidir leis an méid leachta (liquid) atá sa ‘vapes’, ach ciallaíonn easpa rialacháin go bhfuil an-chuid de na táirgí neamhchomhlíontach (noncompliant).
I mí na Samhna 2022, d’éirigh leis an HSE i gcás i gcoinne gnólachta ar líne a bhí ag díol ‘vapes’ ó áit chónaithe phríobháideach.
SCÉAL EILE:
Cosc ar ‘vapes’ do dhaoine óga beartaithe mar gheall ar na naisc le caitheamh tobac
Dhearbhaigh póilíní na Breataine an tseachtain seo caite go bhfuair siad 2.5 milliún ‘vapes’, le saineolaithe ag rá go raibh go leor eile fós amach ansin.
Deir úinéirí siopaí ‘vapes’go bhfuil ‘vapes’mídhleathacha, a d’fhéadfadh a bheith marfach, ar fáil éasca go leor in Éirinn.
Dúirt Joanne O’Connell ó the Irish Vape Vendors Association go bhfuil ‘go leor táirgí amuigh ansin’ nach bhfuil ag cloí leis na rialacháin.
SCÉAL EILE:
Is féidir leat dul chuig an ollscoil (university) anois gan an Ardteist (Leaving Cert) a dhéanamh
Dúirt sí go bhfuil sé seo fíor go háirithe maidir le ‘disposable vapes’, atá níos saoire agus a mbíonn an-tóir orthu i measc daoine óga.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.