Cosc ar ‘vapes’ do dhaoine óga beartaithe mar gheall ar na naisc le caitheamh tobac

Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly le tograí a thabhairt os comhair an Rialtas chun cosc ​​a chur ar ‘vapes’ dóibh siúd atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, mar gheall ar úsáid nicitín.

Cuirfidh an tionscnamh deireadh le fógraíocht ‘vapes’ in aice le scoileanna.

Áireofar leis an gcosc ar fhógraí, iompar poiblí chomh maith le pictiúrlanna, d’fhonn teorainn a chur le an fógraíocht faoi ‘vapes’ os comhair leanaí.

stephen donnelly
An tAire Sláinte Stephen Donnelly Pic: Sam Boal/RollingNews.ie

Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) go bhfuil 16,000 blas éagsúil de vapes – ó bubblegum go gummy bear, agus gach rud idir eatarthu.

Tá méadú ag teacht ar an imní gur bealach isteach iad vapes chun caitheamh tobac, tar éis athbhreithniú a rinne an Bord Taighde Sláinte a fuair amach go mbeadh leanaí le ‘vapes’ cúig huaire níos dóchúla go gcaithfidh siad tobac.

vape, vaping

Tá an Clár don Rialtas tiomanta do cosc a chur ar dhíolachán e-toitíní ó áitribh shealadacha; ag imeachtaí nó áiteanna do leanaí; agus ó mheaisíní díola.

Táthar ag súil go dtabharfar an reachtaíocht isteach go luath in 2023.

Ag an am céanna, thug an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee reachtaíocht isteach chun saol na ngardaí a athchóiriú.

Bunóidh an Bille um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail socruithe nua náisiúnta slándála agus maoirseachta.

Cuirfidh an Bille Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail i bhfeidhm, agus ceadóidh sé sin cuairteanna neamhfhógartha ar stáisiúin na ngardaí.

Leathnóidh sé freisin cumhacht Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (GSOC), agus déanfaidh sé athchóiriú ar an mbealach a dhéantar imscrúduithe ionas gur féidir gearáin a réiteach níos tapúla.

Tá an Coimisiún le hathainmniú mar Oifig Ombudsman na bPóilíní.

Déanfaidh oifigeach scrúdaitheora neamhspleách nua maoirseacht ar an gcóras slándála náisiúnta.

Beidh sábháilteacht pobail ar cheann de phríomhphointí an Bhille, agus beidh na húdaráis áitiúla, na seirbhísí sóisialta agus na gardaí freagrach as seo.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram