Tá feidhmeannaigh shinsearacha (senior executives) RTÉ ar ais le míniú a thabhairt do Choiste Meán an Oireachtais agus táthar ag iarraidh orthu ‘nochtadh iomlán’ a thabhairt.
Is é is cúis leis seo ná gur tháinig sé chun solais go bhfuil roinnt cuntas babhtála ann ar a dtugtar ‘slush funds’.
Creidtear go mbaineann ceann acu le léiriú conspóideach Toy Show: The Musical.
Tuairiscíodh freisin:
Tá an scéal chomh tromchúiseach go bhfuil tráchtaireacht déanta ag an Aire Airgeadais Michael McGrath air.
Dúirt sé go raibh nochtadh cuntas babhtála breise ‘ag teacht salach go díreach’ ar fhianaise a thug RTÉ don choiste go dtí an tseachtain seo caite, nach raibh ann ach cuntas babhtála amháin.
‘Ní mór do na feidhmeannaigh an t-eolas ar fad atá acu a nochtadh … agus táim ag súil go mbeidh a n-ionadaithe go hiomlán cothrom agus oscailte,’ a dúirt an tUasal McGrath.
Faoi bhrú tá liosta íocaíochtaí curtha le chéile ag RTÉ dá 100 saothraí is airde pá – ach gan a n-ainmneacha.
Dúirt an Leas-Ardstiúrthóir Eatramhach (Interim deputy director general) Adrian Lynch go bhfuil roinnt daoine tar éis dul i dteagmháil le hOifig Cosanta Sonraí (Data Protection Office) RTÉ agus go bhfuil agóid déanta acu i gcoinne fhoilsiú a gcuid sonraí.
Is é an ról is airde pá d’aon láithreoir ná €515,000, a chreidtear atá ag Ryan Tubridy, agus is é an ról is ísle as an 100 ná bainisteoir ar €108,851 le liúntas de €8,000.
An tseachtain seo caite, dúirt príomhoifigeach airgeadais RTÉ, Richard Collins, le coiste an Oireachtais nach raibh ann ach cuntas babhtála amháin ach fuarthas amach san athbhreithniú is deireanaí nach bhfuil sé sin amhlaidh.
Tá iar-phríomhoifigeach airgeadais RTÉ, Breda O’Keeffe, á cheistiú inniu (Dé Céadaoin) den chéad uair.
Dúirt RTÉ i ráiteas go raibh baint ag Ms O’Keeffe le hidirbheartaíocht (negotiations) le gníomhaire Ryan Tubridy Noel Kelly in 2019, in éineacht leis an Ard-Stiúrthóir Dee Forbes a d’éirigh as le déanaí.
Ba as na hidirbheartaíochtaí sin a fuair Tubridy €345,000 sa bhreis ó RTÉ, thar sé bliana, ná mar a nochtadh don phobal nó don Oireachtas.
Tá dhá imscrúdú fógartha ag an Aire Meán Catherine Martin ar RTÉ ach tá sé ráite cheana féin ag aire amháin leis an Irish Daily Mail: ‘Tá cuma lag agus amaideach ar an Rialtas anois.
‘D’fhógair muid dhá fhiosrúchán nach raibh le tuairisciú go ceann sé mhí. Bhí cuma mall air seo agus bhí easpa práinne ann.
‘An oíche chéanna a fógraímid nuacht faoi fiosrúcháin tagann nuacht amach faoi níos mó cuntas babhtála. Déanann sé dochar polaitiúil.’
An tseachtain seo caite, Labhair príomhoifigeach airgeadais RTÉ, Richard Collins, faoi chuid den €1.25 milliún a chuaigh trí chuntas babhtála RTÉ.
Áiríodh leis sin €138,000 ar thicéid 10 mbliana an IRFU, €29,000 le haghaidh turas chuig cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní in 2019, agus €111,000 ar thuras seachtaine go dtí an tSeapáin do Chorn an Domhain Rugbaí 2019.
Níor chosain an turas go dtí an tSeapáin do sheisear, ach €73,000 ar RTÉ ach mar gheall ar an táille as an idirbheart a phróiseáil tríd an gcuntas babhtála chosain sé €38,000 breise ar an gcraoltóir.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.