Chuaigh cuid de na coláistí agus ollscoileanna is cáiliúla in Éirinn i bhfeidhm ar an domhan mór agus d’ardaigh siad ina rangú idirnáisiúnta.
Léiríonn an QS World University Rankings nua go bhfuil Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tar éis bogadh suas 17 bpointe go dtí an 81ú háit ar an liosta, agus chuaigh Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) suas 10 n-áit go dtí 181ú háit.
Is é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an t-aon institiúid Éireannach atá sna 100 ollscoil is fearr go hidirnáisiúnta.
Mar sin féin, tá breis agus 1,500 ar an liosta agus tá go leor de na seacht n-ollscoil Éireannacha sa leath is fearr ar domhan.
Mar sin bhí dea-scéal ann freisin d’Ollscoil na Gaillimhe agus do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a bhí sa 100 is fearr ar an liosta inbhuanaitheachta (sustainability).
Shroich siad an 289ú háit agus an 282ú háit sna QS World University Rankings freisin.
Fuair Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) áit san chéad 500, agus tá sé sa 436ú háit, tá Maigh Nuad san 801ú háit agus tá Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (TU Dublin) sa 900ú háit.
Roinn an tAire Ardoideachais agus Breisoideachais Simon Harris an scéala freisin agus dúirt: ‘Tá an-áthas orm a thuairisciú go bhfuil seacht n-ollscoil Éireannacha ardaithe i rangú domhanda le méadú 17 bpointe do Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
‘Vóta muiníne as Córas Ardoideachais na hÉireann agus comhartha ar na buntáistí a bhaineann le fócas leanúnach beartais agus infheistíochta. Maith sibh uilig!’
Is í Coláiste na Tríonóide an ollscoil is sine in Éirinn a d’oscail i 1592.
Ainmníodh an leabharlann is mó sa choláiste, leabharlann Berkeley i ndiaidh fealsamh agus úinéir sclábhaithe George Berkeley.
Chomh maith le fealsamh a bhfuil cáil dhomhanda air, bhí Berkeley ina Leabharlannaí san ollscoil freisin.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.