Ná gearr cánacha, a deir an ESRI leis an Rialtas

Níl ‘aon réasúnaíocht’ ann maidir le cánacha a ghearradh sa bhuiséad atá le teacht, a dúirt an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (Economic and Social Research Institute, ESRI) leis an Rialtas.

Ina ráiteas  ráithiúil is déanaí dúirt an ESRI go bhfuil srianta ar thithíocht agus ar shaothar i ngeilleagar na hÉireann má ghearrtar cánacha, go bhfuil baol go mbeadh borradh rómhór faoin ngeilleagar.

Tagann an chomhairle ó chomhairleoir eacnamaíoch is sinsearaí an Rialtais tar éis d’airí sinsearacha Fhine Gael, an Taoiseach ina measc, brú a chur le haghaidh chiorruithe cánach.

Dúirt an ESRI freisin nach bhfásfaidh an geilleagar chomh mór agus a bhíothas ag súil leis toisc go bhfuil ár n-easpórtálacha tite agus moilliú san earnáil cógaisíochta ilnáisiúnta, a bhfuil Éire ag brath go mór uirthi.

Ní bheidh ach fás 0.1% ar gheilleagar na hÉireann anois i dtéarmaí Olltáirgeachta Intíre (Gross Domestic Product, GDP) i mbliana, síos ó réamhaisnéis roimhe seo de 5.5%.

cánacha
Michael McGrath

‘Ní fheicimid ag an bpointe seo aon réasúnaíocht shoiléir chun an t-ualach (burden) cánach iomlán sa gheilleagar a laghdú,’ a dúirt Kieran McQuinn ón ESRI.

Dúirt sé go raibh caiteachas fós ag fás ‘go láidir’ in ainneoin boilscithe (inflation), cé go bhfuil airgead taisce fós ard.

‘Caithfidh tú a bheith cúramach agus tú ag cur go leor airgid isteach sa gheilleagar ó thaobh infheistíochta de,’ a dúirt sé.

‘I bhfianaise fheidhmíocht láidir an gheilleagair tá an baol ann go ndéanfaidh tú róthéamh air. Caithfidh tú a bheith cúramach cá háit a dtéann na cistí,’ a dúirt sé.

Deirtear go bhfuil an Comh-Aireachta roinnte ar fhéidearthacht ciorruithe cánach sa Bhuiséad atá le teacht.

Tá an Taoiseach Leo Varadkar ag iarraidh ciorrú cánach de €1,000 a thabhairt do shaothraithe meánioncaim.

Mar sin féin, tá na hAirí Airgeadais Michael McGrath ó Fhianna Fáil agus Paschal Donohoe ó Fhine Gael i bhfabhar cur chuige níos cúramaí, ag cloí leis an riail chaiteachais 5% a ghlac an Rialtas le déanaí.


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram