Comhlacht cáinte ag teaghlach Hamish Harding tar éis bás an cúigear a bhí ar Titan

Tá an comhlacht OceanGate cáinte ag teaghlach Hamish Harding tar éis bás an cúigear a bhí ar an Titan

Fógraíodh ar oíche Déárdaoin go bhfuil an cúigear fear a bhí ar bord an ‘mini sub’ marbh tar éis pléascadh ollmhór.

Anois tá cáineadh déanta ag teaghlach an billiúnaí Harding ar an chomhlacht a d’eagraigh an turas go dtí an Titanic.

Fuair an cúigear bás in imeacht ‘tubaisteach’, a dúirt oifigeach de chuid Garda Cósta na Stát Aontaithe.

Chuir sé sin deireadh leis an gcuardach ar an Titan a cailleadh le linn aistir chuig an Titanic.

D’eisigh OceanGate ráiteas Déardaoin ag rá ‘creidimid anois go bhfuil ár CEO Stockton Rush, Shahzada Dawood agus a mhac Suleman Dawood, Hamish Harding, agus Paul-Henri Nargeolet, caillte go brónach’.

In a dhiaidh sin dúirt duine de theaghlach an billiúnaí Briotanach Hamish Harding, a bhí ar bord Titan nuair a chuaigh sé ar iarraidh, gur thóg sé ‘i bhfad is mó ama’ ar OceanGate tuairisciú go raibh Titan imithe ar iarraidh.

Titanic new now8

Dúirt a col ceathrar, Kathleen Cosnett, leis an Telegraph Déardaoin: ‘Tá sé an-scanrúil. Thóg sé chomh fada orthu dul chun tarrthála, tá sé i bhfad ró-fhada. Shílfinn gurbh é trí huaire an chloig an t-íosmhéid lom.’

Dúirt Garda Cósta na Stáit Aontaithe leis na meáin ‘go bhfuil an smionagar (debris) ag teacht le caillteanas tubaisteach an tseomra brú (pressure chamber)’.

Fuarthas an smionagar gar don Titanic ag doimhneacht 3.8km faoi dhromchla (surface) an aigéin.

Chuaigh siad amach maidin Dé Domhnaigh le linn sos in aimsir uafasach.

Bhí aer ar feadh 96 uair an chloig acu – sé sin ceithre lá, go dtí maidin Déardaoin.

Ach uair an chloig agus 45 nóiméad isteach sa mhisean, a bhí ceaptha a bheith ann ar feadh ach ocht n-uaire a chloig, cailleadh teagmháil leo.

Bhí siad 580km amach ó chósta Thalamh an Éisc (Newfoundland), Ceanada.

Bhí an Titan, a bhí 22 troigh ar fad, in ann tumadóireacht (diving) a dhéanamh go 12,500 troigh, áit a bhfuil an longbhriseadh is cáiliúla ar domhan fós ann.

Bhuail an Titanic cnoc oighir ar a thuras tosaigh i 1912 nuair a cailleadh 1,500 duine. Thángthas ar láthair na loinge i 1985.

Gearrann OceanGate $250,000 (€229,000) as áit cháiliúil ar thuras ocht lá ar bord loinge taighde Polar Prince, agus le sin tá tumadóireacht amháin ar a laghad (at least one dive) ar bord an Titan síos go dtí an Titanic.

Chuaigh  an tUasal Harding, a rugadh i Londain, isteach sa spás, thug sé cuairt ar an Pol Thuaidh agus and Pol Theas, chuaigh sé timpeall na cruinne agus tá trí Thaifead Domhanda Guinness ina sheilbh aige – lena n-áirítear an t-am is faide a chaitear ag bun an aigéin (ocean).

Gheall sé gan a bheith ina dhuine a ghéilleann, gan a n-aislingí a leanúint, ‘go háirithe de réir mar a théann siad in aois’

Bhí an tUasal Nargeolet, iar-cheannasaí cabhlach na Fraince ina tumadóir domhain (deep-sea diver).

Agus é ina stiúrthóir ar thaighde faoi uisce le haghaidh E/M Group agus RMS Titanic, Inc, meastar go forleathan gurb é an príomhúdarás ar shuíomh na longbhriseadh agus is féidir go raibh sé i gceannas ar an Titan.


Spread the word/ Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram