Tá éileamh déanta ag roinnt polaiteoirí go ndéanfaí íocaíochtaí iomlána Kielty ó RTÉ a chuir os comhair an phobail, tar éis na trioblóide faoi na híocaíochtaí ‘rúnda’ do Ryan Tubridy.
Chuala Coiste Meáin an Oireachtais inniu go bhféadfaí pacáiste pá Kielty a fhoilsiú faoin Aoine, má tá comhaontú uaidh féin agus ó Choiste Íocaíochta Bhord RTÉ.
Léirigh cathaoirleach choiste na Dála, Niamh Smyth ó Fhianna Fáil, dóchas go dtarlódh sé seo.
Chuala an coiste freisin gur ghlac an Stiúrthóir Ábhar, an Príomhoifigeach Airgeadais agus an rannóg dlí páirt in idirbheartaíocht le Kielty maidir lena chuid íocaíochtaí.
Dúirt an Príomhoifigeach Airgeadais Richard Collins gur chuir sé Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, ar an eolas faoi na sonraí.
Dúirt sé go bhfuil an conradh le Kielty sínithe ag an dá thaobh.
Dúirt TD de chuid Shinn Féin Pádraig Mac Lochlainn go mbeadh sé ‘dosheachanta (untenable)’ mura mbeadh sonraí an chonartha ‘os comhair an phobail’.
Dúirt ball den Choiste um Chuntais Phoiblí, TD de chuid Fhine Gael Colm Burke nach mór do RTÉ ‘a leagan amach cé mhéad atá á íoc aige do Patrick Kielty as The Late Late Show a chur i láthair’.
Bhí sé ráite ag Seanadóir as an Pháirtí Lucht Oibre, Marie Sherlock, go bhfuil sé ‘ríthábhachtach’ do mhuinín an chraoltóra go bhfuil ‘gach cuid den phacáiste sin ar fáil don phobal’.
Dúirt Seanadóir Fhianna Fáil Timmy Dooley nach bhfuil ‘aon rogha’ ag RTÉ ach sonraí an chomhaontaithe a chur in iúl.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.