LÉIGH & PLÉIGH: Fuair Micheál D Ó hUigínn 822,566 vóta, shílfeá go dtabharfadh sin cead cáinte dó

27/06/2023

Ar an 26 Deireadh Fómhair 2018, toghadh Michael D Ó hUigínn ina Uachtarán ar Éirinn, le 822,566 vóta, 56% den iomlán.

Bhí sé ina Uachtarán cheana féin ó 2011, agus mar sin is léir gur thaitin an méid a bhí á dhéanamh aige, agus an méid a bhí á rá aige sa phost, le daoine.

Defence Forces 2

I ndaonlathas tá sé de cheart ag gach duine labhairt amach ar ábhair thábhachtacha; agus d’ionadaithe tofa tá níos mó ná ceart i gceist.

D’fhéadfá a rá gur dualgas é.

Sheas na hiarrthóirí os comhair na ndaoine agus iarradh cead a thabhairt dóibh a dtuairimí a léiriú ar cheisteanna tábhachtacha an lae.

Ceisteanna ar nós ár neodrachta.

Gach uair a chomhlíonann an tUachtarán Ó hUiginn an dualgas sin, agus a labhraíonn sé ar cheisteanna tábhachtacha, áfach, deirtear linn gur ‘thrasnaigh sé an líne’ nó ‘go ndeachaigh sé thar fóir’.

Agus tá sé tar éis tarlú arís.

An uair seo táthar ag iarraidh neodracht thraidisiúnta na hÉireann a athrú, nó ar a laghad, an cheist a phlé.

Le sin thug an tUachtarán foláireamh maidir le bogadh ó pholasaí traidisiúnta na hÉireann, sé sin ‘neodracht dhearfach’.

Agus ina dhiaidh sin, dúirt Aire Stáit Fhine Gael Neale Richmond go raibh an tUachtarán ‘gar’ do dhul thar an líne.

Agus dúirt an t-iar-aire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan, atá ina TD de chuid Fhine Gael freisin, go raibh an tUachtarán ag iarraidh ‘polasaí an Rialtais a mhúnlú (shape) i gcomhthéacs traidisiúin láidir nach dtugann uachtaráin dúshlán do pholasaí an Rialtais’.

Neale Richmond
Neale Richmond

Cad atá cearr le hiarracht a dhéanamh polasaí an Rialtais a mhúnlú. Nach bhfuil an ceart ag gach duine é sin a dhéanamh i ndaonlathas?

Le bheith soiléir, níl an tUachtarán Ó hUigínn ag baint úsáide as saibhreas pearsanta nó corparáideach chun iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar pholasaí an Rialtais.

Níl cumhachtaí rialtais nó cumhachtaí stáit in úsáid aige ach an oiread. Níl a leithéid de chumhachtaí aige.

Níl an tUachtarán ag úsáid ach a ghuth féin, a chuid eolais féin agus an seasamh a thug 56% de na toghthóirí dó.

Iad siúd atá ag cáineadh an Uachtarán as labhairt amach ar cheisteanna tábhachtacha a théann i bhfeidhm ar dhaoine sa tír seo, is minic a mhaíonn siad go bhfuil an tUachtarán ag gníomhú go míbhunreachtúil.

Níl sé.

Mary Robison and Mary McAleese Late Late Show 768x448 1
Mary Robinson agus Mary McAleese

Faoin mBunreacht má thugann an tUachtarán óráid fhoirmiúil ar son na tíre nó má thugann sé óráid don Oireachtas, caithfidh sé cead a fháil ón Rialtas.

Taobh amuigh de sin, is féidir leo a rogha rud a rá.

Luann na daoine atá ag iarraidh an tUachtarán Ó hUigínn  a chur ina thost an traidisiún a bhaineann le cead an Rialtais a lorg roimh labhairt.

Sin a bhí i gceist ag Charlie Flanaagan nuair a bhí sé ag labhairt faoin ‘thraidisiún láidir nach dtugann uachtaráin dúshlán do pholasaí an Rialtais’.

Ach cuireadh in aghaidh an traidisiúin sin chomh fada ó shin le 1990, nuair a toghadh Mary Robinson ina hUachtarán agus nuair a labhair sí amach ar son Éire níos liobrálaí; agus, ar ndóigh, ar son Mhná na hÉireann.

Agus lean Mary McAleese agus Michael D Ó hUigínn leis an traidisiún nua sin.

Ar mhaith linn, i ndáiríre, dul ar ais go dtí na seanbhealaí sa tír seo?


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram