Agus slí bheatha Ryan Tubridy ag dul i bhfeabhas go tapa in RTÉ le bheith ar an réalta is airde pá sa stáisiún, cheannaigh sé tithe costasacha.
Dhíol sé teach leathscoite (semi-detached) i gceantar bruachbhailteach (suburban), chun teach ar costas €1 milliún a fháil i gceann de na ceantair is mó éileamh sa tír.
Chuir Tubridy tús lena ghairm bheatha craoltóireachta le RTÉ agus é 12 bhliain d’aois.
Ag an am, íocadh £25 leis mar léirmheastóir leabhar don chlár 2FM, Poporama.
Sa bhliain 2013, scar an t-athair de bheirt iníonacha lena chéila agus d’íoc sé níos mó ná €1 milliúin le haghaidh teach i mbruachbhaile luachmhar cois farraige i mBaile na Manach (Monkstown), deisceart Bhaile Átha Cliath.
Dhíol sé é sin trí bliana ina dhiaidh sin ar €1.315m, rud a rinne brabús deas dó.
In 2016, cheannaigh sé teach eile, díreach suas an bóthar ar €900,000, le morgáiste ó Bhanc na hÉireann.
Bhí an teach sin faoi úinéireacht tráth ag ‘Right Honourable’ Edward Arthur Henry Iarla Longfoirt agus an ‘Right Honourable’ Ivor Richard Viscount de Vesci’.
Léiríonn taifid réadmhaoine freisin suim Tubridy i dteach Dheilginse (Dalkey) a cheannaigh a iar-bhean chéile i mí Lúnasa 2010, agus inar bhog sí ann le beirt iníonacha na lánúine.
I 2004, cheannaigh an lánúin teach measartha i nDomville Grive i gCill Iníon Léinín (Killiney) aice láimhe. Dhearbhaigh siad deireadh a bpósta díreach dhá bhliain ina dhiaidh sin.
I mí Feabhra 2010, dhíol a iar-bhean chéile an teach I gCill Iníon Léinín, le taifid a thaispeánann go raibh leas ag Tubridy fós ann.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.