Tá cinneadh déanta ag an Rialtas maoiniú a thabhairt d’institiúidí tríú leibhéal chun líon na mac léinn i gcúrsaí áirithe sna coláistí a mhéadú.
Tá siad ag iarraidh a chinntiú go gcuireann níos mó daoine spéis sa leigheas, san fhiaclóireacht agus in obair thréidliachta (veterinary).
Agus chun é sin a dhéanamh ba mhaith leo daltaí atá ag fágáil na scoile a spreagadh chun rogha a dhéanamh dul i mbun na n-ábhar sin.
Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris go bhféadfadh sé seo cabhrú leis an ‘scramble’ bliantúil d’áiteanna coláistí a éascú.
Dúirt sé go bhféadfadh sé níos mó roghanna a thabhairt do mhic léinn a bhraitheann go bhfuil orthu staidéar a dhéanamh thar lear.
D'iarr a roinn ar an Údarás um Ard-Oideachas (Higher Education Authority) a fháil amach conas a d'fhéadfaí acmhainn bhreise a chur ar fáil in áiteanna coláistí cúram sláinte agus tréidliachta go háirithe.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Comhlachtaí Stáit ‘ag cur forbairt tapa MetroLink i mbaol’
Fuarthas amach in athbhreithniú, le hinfheistíocht, go bhféadfaí 750 áit leighis a mhéadú go 1,158.
Chomh maith leis seo d’fhéadfaí míle altra breise a thraenáil in aghaidh na bliana, rud a fhágann go mbeidh an t-iomlán níos mó ná 3,000.
Agus d’fhéadfaí an 200 áit chógaisíochta (pharmacy) atá ann faoi láthair a dhúbailt go 400, agus d’fhéadfadh 60 dochtúir oilte in aghaidh na bliana a mhéadú go dtí níos mó ná 123.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Tá Taylor Swift ag teacht – agus seo an bealach le clárú le haghaidh ticéid an tseachtain seo
Déanfaidh roinn an Uasail Harris na moltaí a mheas leis na ranna sláinte agus talmhaíochta, agus déanfaidh siad measúnú ar na roghanna atá leagtha amach.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.