Chruthaigh eolaithe múnla (model) de suth duine (human embryo) le buille croí (heartbeat) agus rianta fola (blood traces) – ag taispeáint na chéad seachtainí de saol duine.
Cruthaíodh an struchtúr sintéiseach (synthetic structure) ó ghaschealla daonna (human stem cell) gan gá le huibheacha, speirm ná toirchiú (eggs, sperm or fertilisation).
Déanann sé cuid de na cealla agus na struchtúir a bheadh le feiceáil de ghnáth sa tríú agus sa cheathrú seachtain de thoircheas (pregnancy) a mhacasamhlú (replicates).
Mar sin féin, tá sé ráite ag na heolaithe gur ceapadh é I mbealach nach mbeadh an cumas riamh a fhorbairt ina fhéatas (foetus).
Táthar ag súil go bhféadfadh na torthaí - atá fós le foilsiú - tuiscint níos fearr a thabhairt ar na cúiseanna le breith anabaí athfhillteach (recurring miscarriages) agus ar thionchar neamhoird ghéiniteacha (genetic disorders).
‘Ba mhaith liom a chur in iúl nach suthanna (embryos) iad seo agus nach bhfuilimid ag iarraidh suthanna a dhéanamh,’ a dúirt an Dr Jitesh Neupane, ó Gurdon Institute in Ollscoil Cambridge.
‘Níl iontu ach samhlacha a d’fhéadfaí a úsáid chun breathnú ar ghnéithe ar leith d’fhorbairt an duine.’
Is gnách go bhfeictear cealla croí buailte ag lá 23 i suth nádúrtha, agus tosaíonn cealla fola dearga le feiceáil sa cheathrú seachtain.
‘Nuair a chonaic mé an buille croí don chéad uair, bhí faitíos orm, go hionraic,’ a dúirt an Dr Neupane.
Ach thug sé rabhadh go mbeadh sé ‘chontúirteach’ na struchtúir a chur i gcomparáid go díreach le suthanna nádúrtha.
Dúirt sé: ‘Ag pointí ama níos déanaí, níl gnéithe uile na suthanna acu.’
Baineadh an cinn amach trí úsáid a bhaint as gaschealla suthacha – cealla ‘bána’ a tógadh as suth daonna a d’fhéadfadh a bheith mar aon chill sa cholainn (body) ansin, de réir tuairisc say an Guardian.
Rinneadh iad a mhealladh chun fás ina struchtúr cosúil le suth sa tsaotharlann agus aistríodh isteach i mbuidéal rothlach iad, deartha chun feidhmiú mar útaras saorga.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.