Trí athrú bheaga a d’fhéadfadh cabhrú leat €10,000 a shábháil i mbliana

Comhairle ó na saineolaithe ar an bealach is fearr le teaghlaigh a gcaiteachas a ghearradh agus cáin a shábháil

D’fhéadfadh teaghlaigh níos mó ná €10,000 sa bhliain a shábháil trí mhorgáiste a athrú, aisíocaíochtaí cánach (tax refunds) a fháil agus a n-árachas saoil (life insurance) a athrú, a deir na saineolaithe.

Is é an sábháil is mó atá ar fail ná le morgáiste a aistriú, rud a shábhálann suas le €7,000 sa bhliain.

In a dhiaidh sin tá aisíocaíochtaí cánach (tax refunds) ar fiú thart ar €1,900 sa bhliain iad má éilíonn tú iad go léir.

Martina Hennessy
Martina Hennessy

Dúirt Martina Hennessy, ón bróicéir morgáiste agus árachais Doddl.ie, go bhfuil ardú níos mó ná 1.75% ar rátaí úis le bliain anuas.

Dúirt sí go bhfuil níos mó ná 50,000 sealbhóir morgáiste ar tí deireadh a chur lena gcuid morgáistí ar ráta seasta (fixed-rate) leis na bainc agus mar gheall air sin go bhfuil an brú airgeadais ar úinéirí tí ‘ag géarú’.

Dúirt Hennessy go bhféadfadh ‘na mílte euro’ a shábháil ar theaghlaigh má athraítear morgáiste. Dúirt sí: ‘Le difríocht 3.3% idir na rátaí is airde agus is ísle, d’fhéadfadh difríocht de €592 in aghaidh na míosa, nó os cionn €7,000 sa bhliain, a bheith i gceist le morgáiste €300,000, má roghnaíonn tú an táirge ceart.’

Dúirt sí: ‘D’fhéadfaí méid suntasach airgid a shábháil duit má thógfaidh tú deich nóiméad chun athbhreithniú a dhéanamh ar théarmaí do mhorgáiste.’

Má thógann siad an t-am chun breathnú thart ar roghanna éagsúla, beidh siad a shábháil níos mó
Má thógann siad an t-am chun breathnú thart ar roghanna éagsúla, beidh siad a shábháil níos mó

Ach is trí aisíocaíochtaí cánach atá an cúnamh airgid is mó ar fáil.

De réir Taxback.com, is fiú €1,880 na meán-aisíocaíochtaí (average refunds) ach is minic nach n-éilítear iad.

‘Tríd creidmheasanna (credits) a aithint agus a éileamh, is féidir le cáiníocóirí cur go mór lena n-ioncam,’ a dúirt Hennessy.

‘Mar shampla tá go leor lánúineacha pósta i dteideal faoiseamh cánach sa bhliain tar éis dóibh pósadh, ach is minic nach n-éilítear an faoiseamh seo.’

D’fhéadfadh sábháil  suntasach a bheith mar thoradh ar chostas níos lú a lorg le haghaidh árachas saoil.

Is trí aisíocaíochtaí cánach atá an cúnamh airgid is mó ar fáil
Is trí aisíocaíochtaí cánach atá an cúnamh airgid is mó ar fáil

Mar shampla, ar mhorgáiste €300,000 thar théarma 25 bliana, d’fhéadfadh beirt iarratasóir atá 35 bliana d’aois, daoine nach gcaitheann tobac, €1,305 a shábháil thar théarma an pholasaí trí an phréimh (premium) is ísle atá ar fáil a roghnú.

‘Ní mór do shealbhóirí morgáiste árachas saoil a bheith acu agus is minic a dhéanann siad dearmad ar an bhféidearthacht atá ann,’ a deir Hennessy.

‘Íocann go leor sealbhóirí morgáiste préimheanna níos airde trí bheartais a thairgeann bainc a roghnú.’

Mar sin féin, má thógann siad an t-am chun breathnú thart ar roghanna éagsúla, beidh siad a shábháil níos mó.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram