12 mhí i bpríosún do iar-cheamaradóir teilifíse RTÉ agus Virgin as ionsaí gnéis ar a leas-iníon

Gearradh 12 mhí i bpríosún ar ceamaradóir teilifíse, atá ar scor anois, a rinne ionsaí gnéis ar a leas-iníon nuair a bhí sí sna déaga.

Tharla an ionsaí 30 bliain ó shin agus chuir an breitheamh síos air mar ‘sárú iontaobhais uafásach (“egregious breach of trust)’.

Fuarthas Tony Byrne, 66, ó Chúirt Charraig Liath, Teach na Giúise (Firhouse) i mBaile Átha Cliath, ciontach ag giúiré an mhí seo caite as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar Donna McCarthy (Byrne ag an am) ag an seoladh céanna ar an 10 Bealtaine 1992.

Tharscaoil (waived) Ms McCarthy a ceart chun anaithnideachta (anonymity) roimhe seo chun ligean do Byrne a bheith ainmnithe.

Dúradh sa chúirt freisin go ndeachaigh Byrne ar scor anuraidh agus go raibh sé ag obair mar ceamaradóir do RTÉ agus Virgin Media.

ionsaí gnéis
Donna McCarthy

Agus an phianbhreith á tabhairt chun críche, thug an Breitheamh Elma Sheahan faoi deara, cé gur shéan Byrne an cúiseamh, gur thug sé fianaise agus gur threoraigh sé abhcóide le linn na trialach, go nglacann sé anois breithiúnas an ghiúiré agus gabh sé a leithscéal ar Ms McCarthy.

Dúirt an breitheamh go raibh súil aici go bhfaigheadh Ms McCarthy ‘beagán sóláis’ Mar gur ghlac Byrne leis an bhfíorasc agus gur gabh sé a leithscéal, ‘fiú ag an gcéim dheireanach seo’.

Ag tagairt don ráiteas tionchair íospartaigh (victim impact statement), dúirt an breitheamh gur fhulaing Ms McCarthy níos mó ná an ionsaí féin agus ‘go mothaíonn sí gur cailleadh a dlúthmhuintir’.

Tá ‘níos mó ná an suaimhneas intinne agus na neamhchiontachta caillte ag Ms McCarthy mar dhéagóir’, a dúirt an Breitheamh Sheahan.

Dúirt sí gur ‘sárú muiníne ollmhór’ é seo mar gur chreid Ms McCarthy gurbh é Byrne a hathair bitheolaíoch. Thug an Breitheamh Sheahan faoi deara go raibh Byrne ‘i bhfírinne, a hathair de-facto’.

Gearradh téarma príosúin 14 mhí ar Byrne, agus cuireadh an dá mhí dheireanacha ar fionraí chun aitheantas a thabhairt don aiféala (remorse) a léiríodh.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram