Bhí triúr ban agus beirt fhear i gcúirt Dé Ceadaoin agus iad cúisithe maidir leis an bhfiosrúchán ar mharú Ashling Murphy.
Maraíodh Ms Murphy, 23, múinteoir bunscoile, i dTulach Mhór, Co Uíbh Fhailí (Tullamore, Co Offaly) ar an 12 Eanáir anuraidh.
Gabhadh an cúigear ar fad i mBaile Átha Cliath ar Dé Máirt agus tugadh os comhair Chúirt Dúiche Thulach Mhór ar maidin Dé Céadaoin iad.
Cúisíodh Marek Puska, 34, Lubomir Puska, 35, agus Lucia Istokova, 34, as faisnéis a choinneáil siar ar dhátaí idir 12 agus 27 Eanáir 2022.
Cúisíodh beirt eile, Jozefina Grundzova, 33, agus Viera Gaziova, 38, as bac a chur ar chiontóir líomhnaithe a ghabháil ar dhátaí idir 12 agus 14 Eanáir 2022.
Soláthraíodh ateangaire (interpreter) don éisteacht chúirte do gach cúigear, arb iad Slóvaicis iad.
Chuir an chúirt srianta tuairiscithe ar sheoltaí an chúigear cúisithe a fhoilsiú.
D’athchuir an Breitheamh Michele Finan an cúigear cúisithe ar bhannaí le roinnt coinníollacha, lena n-áirítear go ngéillfidh siad go léir a bpasanna, go bhfuil cónaí orthu ag na seoltaí a cuireadh ar fáil don chúirt agus go gcuirfidh siad na gardaí ar an eolas faoi aon athrú.
Tá an cúigear le teacht os comhair Chúirt Dúiche Thulach Mhór ar an 26 Iúil nuair a d'inis gardaí don chúirt go seirbheálfar leabhar na fianaise.
Deonaíodh cúnamh dlíthiúil dóibh go léir.
Tá triail fir eile, atá cúisithe i ndúnmharú Ms Murphy, Jozef Puska atá 32 bliain d'aois, le bheith ar siúl níos déanaí i mbliana.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.