Tá sé ráite i gcúirt ag Nikki Sanderson, a bhí i bpáirt Candice Stowe i Coronation Street, go raibh sí imníoch i gcónaí mar gheall ar spéis na meán cumarsáide inti.
Dúirt sí leis an Ard-Chúirt sa Bhreatain: ‘Ní maoin phoiblí (public property) mé. Is duine fós mé. Tá an ceart agam a roghnú cad atá á dhéanamh agam.’
Tá cás á thógáil aici i gcoinne foilsitheoir nuachtáin an Mirror mar gheall ar bhailiú faisnéise neamhdhleathach líomhnaithe.
Le linn an dara lá dá cuid fianaise, cheistigh abhcóide MGN í.
Fiafraíodh den aisteoir, atá i bpáirt Maxine Minniver i Hollyoaks ar Channel ó 2012 i leith, faoi ghrianghraf ar leathanach tosaigh a raibh sí inti d’irisleabhar na bhfear (men’s magazine) Maxim i mí Lúnasa 2005.
Dúirt an t-abhcóide Andrew Green KC, do MGN, go raibh lingerie ar Ms Sanderson.
Dúirt sí: ‘Roghnaigh mé é sin a dhéanamh, bhí smacht agam ar rudaí an lá sin.’
Dúirt an t-abhcóide ina dhiaidh sin: ‘Bhí tú den tuairim go raibh a leithéid d’alt go maith do do ghairm bheatha.’
‘Is é an saghas alta sin rud ar thug mé cead dó,’ a dúirt sí. ‘Ba cheart go mbeadh smacht agam ar mo shaol féin agus ar mo íomhá féin.’
Dúirt sí níos déanaí: ‘Ní maoin phoiblí mé, is duine fós mé. Tá an ceart agam a roghnú cad atá á dhéanamh agam.’
Tá Nikki, 39, a bhí i bpáirt Candice Stowe i Coronation Street idir 1999 agus 2005, ag cuir an dlí ar an Mirror Group Newspapers (MGN) ag iarraidh damáistí mar gheall ar ailt san Daily Mirror, Sunday Mirror agus an Sunday People. Maítear go raibh ‘phone hacking’ agus modhanna eile a úsáid chun faisnéis a fháil fúithi.
Scéal eile: Tá sí beo! Bhuail bean ‘marbh’ ar a ‘coffin’ le linn a ‘wake’
Líomhain sí gur foilsíodh an iliomad alt fúithi toisc go raibh a fhios ag grianghrafadóirí cá raibh sí, tar éis éisteacht lena ‘voicemail’.
Tá éileamh á thabhairt ag an aisteoir maidir le 37 alt a foilsíodh sna nuachtáin idir 1999 agus 2009.
Tá cás Ms Sanderson ar cheann de cheithre éileamh ionadaíocha atá á n-éisteacht i Londain, in éineacht le héilimh chosúla a rinne an Prionsa Harry, an t-aisteoir Coronation Street Michael Turner, ar a dtugtar go gairmiúil Michael Le Vell, agus iar-bhean chéile Paul Whitehouse, Fiona Wightman.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.