Tá sé ráite ag an aisteoir Helen Flanagan gur chur an OCD uirthi ag smaoineamh go ndearna sí caimiléireacht ar a hiar-pháirtí
Bhí Helen, atá 34 bliain d’aois, ag labhairt faoina streachailtí meabhairshláinte.
Thosaigh sí a gairm bheatha agus í deich mbliana d’aois, nuair a bhí sí ina réalta mar Rosie Webster ar Coronation Street ar feadh 12 bhliain.
Is máthair triúr leanbh í Helen anois agus dúirt sí: ‘Bhí streachailt iarbhreithe (postnatal) orm. Is cuimhin liom a bheith ar oíche amuigh – mo chéad oíche amuigh ó bhí m’iníon Matilda agam – agus mé ag caitheamh béaldath(lipstick) dearg.
‘Chonaic mé go raibh an fear seo ann agus marc dearg béaldath (lipstick) ar a aghaidh.
‘Ar chúis éigin dúirt mo OCD liom gur chodail mé leis sa leithreas agus go ndearna mé caimiléireacht ar Scott, agus ní raibh mé in aice leis an bhfear fiú.
‘Ní fhaca mé ach marc dearg béaldath(lipstick) ar a aghaidh.’
Ag an iar-réalta Coronation Street tá Matilda, atá 9, Delilah, 6, agus Charlie, 3, leis an imreoir Bristol Rovers Scott Sinclair.
I 2022, scoilt an lánúin tar éis 13 bliana le chéile; bhí siad ag dul amach roimhe sin ar feadh ceithre bliana.
Labhair sí cheana faoi dhúlagar iarbhreithe, OCD, smaointe cráiteacha (intrusive) agus ADHD.
Mhol sí gur bhris sí féin agus Scott suas mar níor thuig sé mí-ord ‘obsessive-compulsive’, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le smaointe gan iarraidh.
Dúirt Helen: ‘Bhí mé in éineacht leis ar feadh i bhfad, ach sílim gurb é ceann de na fadhbanna a bhí agamsa agus ag Scott ná nár thuig sé mé.
‘Ní dhearna sé iarracht a thuiscint i ndáiríre, ach ní drochdhuine é.’
Bhog a páirtí nua Robbie Talbot, ceannasaí gnólachta tógála, atá 44 bliain d’aois, isteach ina teach le déanaí.
Tá an lánúin ag dul amach le hocht mí anuas.
Dúirt Helen freisin nach bhfuil sí ach díreach tosaithe ag ithe aráin arís, tar éis di neamhord itheacháin (eating disorder) a bheith uirthi ó bhí sí ina déagóir.
‘Nuair a bhí mé thart ar 16 bliana d’aois, bhí mé caol go nádúrtha, ach bhí mé “obsessed” le bheith ar mheáchain seacht gcloch,’ a dúirt sí.
‘Bhí mé thart ar a lán ban-aisteoirí agus múnlaí agus bhí siad go léir ag déanamh na grianghraif.
‘Is ar éigean a d’ith mé rud ar bith. Tá mé díreach tar éis tosú ar arán a ithe arís ach ní dhéanfainn teagmháil leis cheana,’ arsa Helen.
Bhí Helen ag labhairt ar The Life Of Bryony, sraith podchraoltaí le Bryony Gordon a phléann an saol le haíonna cáiliúla.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.