Níl leithscéal ar bith ag an Rialtas as teip scoileanna Gaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre, a deir Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge Aengus Ó Snodaigh.
Léirigh tuairisc in ExgraG.ie le déanaí go bhfuil gá le seacht meánscoil nua Ghaeilge, ar a laghad, sa Stát, agus trí cinn eile sa Tuaisceart, de réir na hanailíse is déanaí.
I mBaile Átha Cliath amháin tá na mílte dalta ag fágáil na bunscoileanna Gaeilge – agus cuirtear iallach orthu ansin leanúint lena gcuid oideachais trí Bhéarla mar níl na meánscoileanna Gaeilge ann dóibh.
Dúirt an tUasal Ó Snodaigh gur ‘chúis náire é dúinn, mar Chomhchoiste na Gaeilge, go bhfuil cúrsaí Gaeloideachais sa tír seo amhlaidh’.
Bhí sé ag caint le Tuairisc.ie ar Dé Céadaoin sular tháinig an tAire Oideachais Norma Foley os comhair an choiste chun ceisteanna a fhreagairt ar theip an stáit freastal an Ghaeilge sa chóras Oideachais.
Tá polasaí á fhorbairt ag an Roinn Oideachais chun tacú le scoileanna Gaeilge lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta faoi láthair.
De réir tuarascáil ón Roinn anuraidh ní théann ach an tríú cuid de dhaltaí a théann chuig bunscoileanna le Gaeilge sa Stát ar aghaidh go dtí meánscoileanna le Gaeilge.
Mar sin féin, agus é ag labhairt le Blas na Cathrach ar Raidio na Life 106.4FM, dúirt an t-iriseoir Darren Mac an Phríora go bhfuil fadhb mhór amháin le polasaí na ranna: tá sé as dáta.
De réir an polasaí, a tugadh isteach tuairim is deich mbliana ó shin, ní osclaíonn an Roinn scoil nua ach in áiteanna ina bhfuil fás déimeagrafach ann.
Scéal eile: Le na mílte dalta Gaelscoile ag casadh ar
an mBéarla, tá géarghá le seacht meánscoil Ghaeilge nua
Mar sin féin, i dtrí cinn de na ceithre cheantar i mBaile Átha Cliath a bhfuil meánscoil bhreise de dhíth orthu, chun freastal ar na daltaí atá ag teacht amach as na bunscoileanna Gaeilge, níl an daonra iomlán ag fás.
Mar sin, de réir an pholasaí atá á leanúint ag an Roinn, níl aon ghá le meánscoil nua, cé go bhfuil na mílte daltaí agus tuismitheoirí ag lorg meánscoileanna Gaeilge.
Dúirt an tUasal Ó Snodaigh le Tuairisc.ie: ‘Faoi láthair níl sé ceart go mbeadh scolaíocht trí mheán na Gaeilge á dhiúltú d’aon pháiste ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile.’
Léirigh anailís de chuid Tuairisc le gairid go bhfuil beagnach 6,000 dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna i sé cheantar ar leith sa stát nach bhfuil aon Ghaelcholáiste iontu chun freastal ar na daltaí nuair a fhágann siad an bhunscoil.
“Is cúis náire é dúinn, mar Chomhchoiste na Gaeilge, go bhfuil cúrsaí Gaeloideachais sa tír seo amhlaidh,” arsa Ó Snodaigh, agus dúirt go mbeidh sé ag iarraidh ar an Aire Foley agus ar an rialtas “tiomantas oscailte agus cinnte” a thabhairt go mbeidh Gaeloideachas ar fáil i ngach ceantar sa tír taobh istigh de dheich mbliana.
Tá 13 contae sa stát nach bhfuil aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge iontu faoi láthair.
Deir Ó Snodaigh freisin go gcaithfear a chinntiú go bhfuil na háiseanna a bhíonn ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge chomh maith leo siúd a bhíonn a fáil i scoileanna Béarla.
“Pléifear chomh maith leis an Aire na dúshláin atá ann maidir le múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna an Stáit agus an síor-athrú gan bhunús ar an gcóras scrúdaithe ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta.”
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.