Tháinig an banc ollmhór idirnáisiúnta JPMorgan Chase ar shocrú trialach le híospartaigh mhí-úsáid ghnéasach (sexual abuse victims) Jeffrey Epstein, agus tá sé réidh le €270 milliún ($290 milliún) a íoc, dar le duine de dhlíodóirí na n-íospartach.
Tháinig an socrú tar éis seachtainí de nochtadh náire faoi chaidreamh fadtéarmach (longstanding relationship) an bhainc le Epstein.
Dúirt David Boies, duine de na dlíodóirí ar son na n-íospartach, Dé Luain go bhfuil an banc sásta €270 milliún a íoc leis an gcás cúirte a réiteach.
Cuireadh tús leis an gcás i mí na Samhna seo caite i gcúirt feidearálach Manhattan i Nua-Eabhrac le bean anaithnid (unidentified) thar ceann íospartaigh a ndearna Epstein mí-úsáid ghnéasach orthu thar 15 bliana.
Bhí siad ina ndéagóirí agus ina mná óga ag an am, a dúirt an t-éileamh.
D’fhéadfadh líon na n-íospartach a bheith níos mó ná 100.
Dúirt an banc agus dlíodóirí na n-íospartach gur tháinig siad ar chomhaontú i bprionsabal chun an cás a réiteach.
Le linn an cháis, dúirt Jamie Dimon, príomhfheidhmeannach JPMorgan agus duine de na baincéirí is cáiliúla ar Wall Street, gur ar éigean a chuala sé trácht ar Epstein sular gabhadh é i mí Iúil 2019 ar tháillí feidearálacha gáinneála gnéis (sex trafficking).
Mharaigh Epstein é féin i mí Lúnasa na bliana sin i gcill príosúin Manhattan, díreach mí tar éis é a ghabháil.
Scéal eile: Tá sí beo! Bhuail bean ‘marbh’ ar a ‘coffin’ le linn a ‘wake’
Tá cás cúirte le sárú ag JPMorgan fós ag rialtas na US Virgin Islands.
Is é an cás sin an cás is mó a bhaineann le Epstein fós, tar éis blianta de chás i gcoinne a eastáit agus tar éis ciontú Ghislaine Maxwell in 2021 i gcúirt feidearálach Manhattan as cuidiú leis dul i mbun gáinneála ar ghnéas.
Mhaígh cás cúirte na n-íospartach gur thug JPMorgan neamhaird ar rabhadh arís agus arís eile go raibh Epstein ag gáinneáil cailíní sna déaga agus mná óga le haghaidh gnéis.
Dúirt siad gur tharla sé seo fiú tar éis do Epstein a bheith cláraithe mar chiontóir gnéis agus phléadáil sé ciontach i gcás i Florida in 2008 as striapachas a lorg ó chailín sna déaga.
Scéal eile: An bhfuil ‘strike cover’ agat le do ‘holiday insurance’?
Dúirt an gearán gur thug an banc neamhaird ar bhratacha dearga (red flags) i ngníomhaíocht Epstein toisc go raibh meas aige air mar chliant saibhir a raibh rochtain aige ar mórán daoine níos saibhre fiú.
Léirigh doiciméid chúirte go raibh go leor tuairiscí gníomhaíochta amhrasacha comhdaithe ag fostaithe bainc faoi aistarraingtí móra airgid Epstein arís agus arís eile.
Thaispeáin siad, tar éis Epstein a ainmniú mar ‘chliant ardriosca’ i 2006, gur lean an banc leis mar chustaiméir.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.