Úsáideann ionaid sonraí (data centres) an oiread cumhachta agus a úsáideann tithe uirbeacha (urban homes) uile na hÉireann le chéile, léiríonn na figiúirí is déanaí.
Thairis sin, úsáideann siad ceithre huaire an méid leictreachais inniu ná mar a d’úsáid siad in 2015.
De bharr na bhfigiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh (Central Statistics Office, CSO) tá faitíos ann go bhféadfadh blackouts a bheith ann mar gheall ar chóras ró-ualaithe (overloaded).
Ardaíonn na figiúirí imní freisin faoi lorg carbóin na hÉireann.
In 2015, níor úsáid ionaid sonraí ach 5% de leictreachas méadraithe na tíre. D’ardaigh sé sin go 18% anuraidh, an méid céanna le tithe cónaithe uirbeacha, agus d’úsáid tithe faoin tuath 10% den iomlán.
Léiríonn figiúirí na Príomh-Oifige Staidrimh freisin gur laghdaigh teaghlaigh a n-úsáid leictreachais faoi 9%, mar gheall ar fhill go leor oibrithe ar an oifig, in éineacht le costais fuinnimh níos airde.
Tá thart ar 75 ionad sonraí ar fud na tíre, agus tá sé measta ag oibreoir na heangaí náisiúnta (national grid) EirGrid go n-úsáidfidh siad oiread agus 29% den leictreachas ar fad anseo faoi 2028.
Scéal eile: Tá sí beo! Bhuail bean ‘marbh’ ar a ‘coffin’ le linn a ‘wake’
In 2021, chinn EirGrid naisc le haghaidh ionaid sonraí nua a stopadh go dtí 2028, rud a chuir stop le tógáil ionaid nua i mBaile Átha Cliath.
Dúirt Darren O’Rourke TD, urlabhraí Shinn Féin ar aeráid agus fuinneamh, nach bhfuil an Rialtas ag déileáil leis an mbrú suntasach atá ionaid sonraí a chur ar an soláthar leictreachais.
D’fhreagair an tAire Comhshaoil agus Ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan: ‘Is earnáil thar a bheith tábhachtach agus tairbheach dár dtír iad ionaid sonraí.
‘Tá buntáiste ollmhór againn go bhfuil siad anseo i dtéarmaí na dtionscal digiteach atá bunaithe anseo agus a thagann leo, ach tá a fhios acu agus aontaíonn siad go bhfuil siad ar phleananna dícharbónaithe.’
Dúirt an tAire Fiontar Simon Coveney: ‘Níl aon fhás eacnamaíoch bunaithe ar theicneolaíocht gan ionaid sonraí. Ní mór dúinn bainistiú a dhéanamh ar… agus sonraí a stóráil ar bhealach a ligeann d’Éirinn a bheith ina lárionad teicneolaíochta den domhan.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.