Tine mhór phortaigh ag bagairt ar thithe i nGaillimh

Throid go leor aonad den tseirbhís dóiteáin i nGaillimh tine mhór phortaigh (gorse fire) a bhí ag bagairt ar thithe ar imeall na cathrach.

Tuigtear gur thosaigh an tine i gceantar ‘commanage’ agus go bhfuil sé scaipthe idir na bailte fearainn Tóin na Brocaí  (Tonabrocky) agus Buill Bheag (Boleybeg).

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Bhí muintir na háite agus aonaid Bhriogáid Dóiteáin na Gaillimhe i ngleic leis an tine oíche Chéadaoin.

Bhí daoine as ceantar Chnoc na Cathrach (Knocknacarra) sa chathair ag postáil píosaí scannáin a léirigh na plúireanna ollmhóra deataigh ón tine.

firefeat 768x448 1

Idir an dá linn, ghnóthaigh an leathanach Instagram Galway Gossip píosaí scannáin dróin a thaispeánann scar lasánta ar an talamh.

Is pobail tuaithe le an-chuid daoine ann, iad ceantair Thóin na Brocaí agus na Buaile Beag agus is ann atá áiseanna CLG Ráthúin/an Chaisleáin Nua agus coimpléasc Salthill Devon FC.

‘Bhí an deataigh ann ar feadh tréimhse trí nó ceithre huaire an chloig. Tá an ceantar atá i gceist taobh thiar de sheanchairéal díchoimisiúnaithe (decommissioned old quarry) de chuid na Comhairle Contae,’ a dúirt comhairleoir an cheantair ó Fhianna Fáil John Connolly.

‘D’aistrigh Gardaí trácht ar an mbóthar isteach chuig an limistéar a raibh tionchar air. Bheadh tithe in aice le láthair na tine.

‘Chomh fada agus is eol dom níor ghá aon teach a aslonnú (evacuate) ach do na teaghlaigh a chónaíonn in aice láimhe, samhlaím gur eispéireas scanrúil a bhí ann.

‘D’oibrigh an Bhriogáid Dóiteáin ar feadh uaireanta fada mar iarracht an tine a smachtú.’

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram