Ní raibh aon fhadhbanna, tar éis don Phápa obráid a fháil ar a bholg

Tugadh an Pápa Proinsias chuig ospidéal sa Róimh Dé Céadaoin le haghaidh obráide ar a bholg.

Dúirt an Vatacáin nach raibh aon fhadhbanna ann tar éis na hobráide leighis trí huaire, nuair a bhí Francis faoi ainéistéise ginearálta.

Déantar an obráid seo chun hernia a dheisiú. Creidtear gur tharla an hernia de bharr obráid eile a bhí aige in 2021.

Níor thug an Pápa, atá 86 bliain d’aois, aon chomhartha go raibh sé ar tí dul isteach san ospidéal le haghaidh obráide pleanáilte nuair a bhí sé ag caint leis an lucht éisteachta ag cruinniíú ginearálta i gCearnóg Naomh Peadar, áit a raibh sé i ndea-spiorad.

Stop sé chun leanaí a phógadh agus chun comhrá a dhéanamh le na daoine.

Pope Francis 1 1168x681 1

Go gairid ina dhiaidh sin, d’fhág sé an Vatacáin i Fiat 500 L bán d’ospidéal Gemelli, ar turas gairid.

Is é seo an tríú fanacht san ospidéal ag an bPápa ó roghnaigh cairdinéil an Airgintín mar an chéad Phápa Mheiriceá Laidineach in 2013; agus tá sé ar an fhadhb is déanaí as go leor fadhbanna sláinte a bhí aige le blianta beaga anuas.

De réir ráiteas ón Vatacáin tá siad ag súil go bhfanfadh an Pápa ar feadh ‘roinnt laethanta’ san oispidéal, chun ligean do ‘ghnáth dhul chun cinn iar-obráid agus aisghabháil iomlán’.

I mí an Mhárta bhí sé diagnóisithe go raibh ionfhabhtú riospráide (respiratory infection) ag an Pápa agus bhí ar dul isteach san ospidéil.

Chomh maith le sin, tá an Pápa hAirgintíne ag fulaingt ó phian glúine ainsealach (chronic) a chuir iallach air brath ar chathaoir rothaí le míonna beaga anuas.

Ba é an Gemelli an t-ospidéal céanna inar chuaigh sé faoi obráid ar a choilíneacht (colon) i mí Iúil 2021.

D’fhan sé san ospidéal ar feadh deich lá. Bliain ina dhiaidh sin d’admhaigh sé go raibh sé fós ag mothú éifeachtaí tar éis sé huaire an chloig faoi ainéistéiseach.

Bhí a shláinte ina ábhar tuairimíochta go minic, go háirithe an cheist faoi an leanfaidh sé an sampla a leag a réamhtheachtaí (predecessor) agus an rachaidh sé ar scor murar féidir leis leanúint ar aghaidh.

Chuir Benedict XVI iontas ar an domhan in 2013 nuair a bhí sé ar an gcéad Pápa ó na Meánaoiseanna chun éirí as.

Bhí an bheirt ‘fhear bán’ taobh istigh de bhallaí stát beag bídeach na Vatacáine ar feadh beagnach deich mbliana, sula bhfuair Benedict bás ar 31 Nollaig.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram