Tá rabhadh eisithe ag saineolaithe sábháilteachta dóiteáin (fire safety experts) tar éis do phéire spéaclaí gréine, a fágadh ar dheais (dashboard), tine i gcarr a spreagadh.
Ba iad na lionsaí formhéadaithe (magnified) ba chúis leis an tine, a leáigh (melted) an plaisteach taobh istigh den ghluaisteáin.
Rinneadh damáiste fiú do bhá an innill le linn na tine, sular tháinig comhraiceoirí dóiteáin (firefighters) chuig an láthair chun an tine a mhúchadh.
Anois tá rabhadh ginearálta eisithe ag seirbhís dóiteáin sa Bhreatain faoin chontúirt a bhaineann le spéaclaí gréine a fhágáil ar an deais.
Thosaigh an tine ag thart ar 5.05pm i Nuthall i Nottinghamshire i Sasana, Dé Sathairn, 27 Bealtaine. Ní raibh sé múchta ach amháin tar éis d’inneall dóiteáin freastal ar an láthair.
Chuaigh Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Nottinghamshire ar na meáin shóisialta tar éis na heachtra, ag tathant ar thiománaithe a bheith airdeallach nuair a thagann sé ar aimsir the.
‘Bhí an ghrian láidir ach bí ar an airdeall go bhféadfadh sé seo tine a thosú.
SCÉAL EILE: Rabhadh faoi chontúirtí ‘heatstroke’ d’úinéirí madraí
‘Níos luaithe d’fhreastalaíomar ar thine de bharr spéaclaí gréine a fágadh ar an deais. Bí cinnte go gcoinníonn tú rudaí formhéadaithe (magnified) ó sholas díreach na gréine.’
Tá rabhadh tugtha ag saineolaithe freisin d’úinéirí madraí faoin mbaol a bhaineann le stróc teasa ar cheann de na seachtainí is teo den bhliain.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.