Ceist faoi Scientology agus aisteoir as ‘That ‘70s Show’ Danny Masterson faighte ciontach as beirt bhan a éigniú

Tá an t-aisteoir as ‘That ‘70s Show’ Danny Masterson faighte ciontach as beirt bhan a éigniú (rape) ina theach cónaithe sna Hollywood Hills.

Ciontaíodh an t-aisteoir agus an Scientologist SAM as dhá chúis éignithe inláimhsithe idir 2001 agus 2003, agus dúirt giúróirí (jurors) ag teach cúirte i Los Angeles nach raibh siad cinnte faoin tríú cúiseamh éignithe.

70s show rex
That ’70s Show

Ba í an dara triail éignithe do Masterson, tar éis imeachtaí roimhe seo a fhógairt ina ‘mistrial’ i mí na Samhna seo caite nuair nach raibh giúiré eile in ann teacht ar chinneadh d’aon toil.

Tógadh Masterson, 47 bliain d’aois, i gcoimeád tar éis an bhreithiúnais agus tá sé ag fanacht le pianbhreith.

D’fhéadfadh sé aghaidh a thabhairt ar 30 bliain ar an saol sa phríosún.

Bhain an t-aisteoir clú agus cáil amach le sitcom 1998 ‘That ’70s Show’, áit ar imir sé carachtar Steven Hyde in éineacht leis na réaltaí eile Mila Kunis agus Ashton Kutcher.

Bhí sé ina chomh-réalta arís le Kutcher ar Netflix ‘The Ranch’, ach bhí cuireadh as a seó é in 2017 tar éis a dhearbhú póilíní Los Angeles go raibh siad ag fiosrú líomhaintí éignithe iolracha i gcoinne an aisteoir.

Ag an am theip ar dhá chás ionsaithe gnéis eile i gcoinne Masterson mar gheall ar easpa fianaise.

Le linn na n-argóintí deiridh níos luaithe an mhí seo, dúirt ionchúisitheoirí go ndearna Masterson ‘gach duine de na híospartaigh seo a dhrugaí agus a éigniú’, agus d’iarr siad ar an ngiúiré é a choinneáil ‘freagrach as a bhfuil déanta aige’.

Bhí an triúr ina mbaill freisin d’Eaglais na Scientology ag an am, agus bhuail Masterson leo tríd an ngrúpa rúnda. Dúirt beirt acu gur chuir oifigigh na heaglaise brú orthu gan dul i dteagmháil leis na póilíní.

Ina argóint deiridh, cheistigh dlíodóirí Masterson cén fáth ar chuala an chúirt ‘an oiread sin faoin Scientology’, agus mhol an chosaint go bhféadfadh an claonadh in aghaidh na heaglaise a bheith ina fhachtóir spreagtha.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram