Réaltaí Hollywood ag glacadh druga a theastaíonn ó ‘diabetics’ in Éirinn

Tá sé deacair do dhaoine a bhfuil diaibéiteas orthu an druga a theastaíonn uathu a fháil in Éirinn. Sin tar éis do dhaoine cáiliúla sna Stát Aontaithe é a úsáid le meáchan a chailleadh.

Is ‘appetite suppressant’ é Ozempic freisin agus deirtear gurb é an rún is oscailte i Hollywood mar tá an méid sin daoine á úsáid nach bhfuil diaibéiteas orthu.

Tá go leor réaltaí, lena n-áirítear na Kardashians, tar éis diúltú go úsáideann siad é ach dúirt úinéir Twitter Elon Musk an mhí seo caite gurb é an druga an chúis lena cuma níos caol (slimmer look).

Diabetes 3

Spreag an t-éileamh domhanda ganntanas forleathan ar an druga, a leathnaigh go hÉirinn.

Dúirt an cógaiseoir (pharmacist) ó Bhaile Átha Cliath, Sheena Mitchell, go bhfuil suirbhé déanta aici ar níos mó ná 280 cógaiseoir pobail as gach ceann de na 26 contae sa Phoblacht.

Dúirt sí go bhfuil 20%, nó duine as gach cúigear, de chógaiseoirí a dúirt nach raibh siad in ann an druga a sholáthar dá n-othar diaibéitis.

B’éigean do na hothair ansin casadh ar dhrugaí eile. Beidh ar chuid acu trí phiollaire a ghlacadh in aghaidh an lae, seachas instealladh seachtainiúil (weekly injection) simplí le Ozempic.

SCÉAL EILE: Teaghlaigh faoi bhrú le ardú praghais nua ar árachais sláinte

San iomlán, dúirt 90% de chógaiseoirí go raibh deacrachtaí acu Ozempic a fháil dá n-othar.

Dúirt Ms Mitchell, a reáchtálann Milltown Totalhealth Pharmacy i mBaile Átha Cliath 6 agus an t-ardán cúram sláinte teaghlaigh WonderBaba.ie, go raibh ganntanas ann le 12 mhí anuas.

Tugadh isteach Ozempic anseo den chéad uair in 2012.

Dúirt sí gur thug an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte (Health Product Regulatory Authority) agus an déantóir Ozempic araon ceadúnas don chógas seo le haghaidh cóireáil diaibéiteas agus ní le meáchain caillteanas.

Mar sin, tá treoir tugtha do chógaiseoirí go dtabharfaí Ozempic d’othair a bhfuil diaibéiteas orthu mar thosaíocht, go háirithe ós rud é go bhfuil soláthairtí íseal.

SCÉAL EILE: Fuair seisear Éireannach bás ag fáil ‘medical procedure’ thar lear

  ‘Leis an nganntanas drugaí atá ann faoi láthair, ní mór do chógaiseoirí anois ceist a chur ar othair cén fáth an bhfuil siad ag iarraidh Ozempic, diaibéiteas nó le meáchain caillteanas,’ a dúirt sí.

‘Is cás deacair é seo nach bhfuil an cógaiseoir ná an t-othar ar a gcompord leis.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram