Tá a bhrón curtha in iúl ag Leo Varadkar don bhuachaill scoile a fágadh le gortuithe tromchúiseacha tar éis ionsaí brúidiúil ‘mar go bhfuil sé difriúil’.
Agus tá sé ráite ag teaghlach an ghasúir gur ionsaíodh é ‘mar gheall ar cé hé’.
Fuair an buachaill a bhí 14 bliana d’aois comhtholgadh (concussion), fiacla briste, ballbhrúnna (bruises) ar a chorp ar fad agus bhí prionta bróg ar chlár a héadain (forehead).
Rinneadh an t-ionsaí cruálach san Uaimh (Navan), Co na Mí. Rinneadar scannánú air freisin agus tá sé á roinnt ar líne.
Mar sin féin, tá na gardaí agus an bord scoile áitiúil ag fiosrú an ionsaí scannánaithe.
Ní raibh na buachaillí ach slat ó theach duine muinteartha (family member) agus rinne sé iarracht dul ar aghaidh ar na ceithre boinn (crawl) go sábháilte, ach bhuail agus ciceáil grúpa déagóirí, a bhí timpeall air, é arís is arís eile.
Dúirt ball amháin dá theaghlach: ‘Níor cheart d’aon duine buachaill atá 14 bliana d’aois a bhualadh mar sin ar chor ar bith, go háirithe mar gheall ar cé hé.’
Dúirt an tUasal Varadkar: ‘Feictear dom gur díríodh ar dhuine éigin mar go bhfuil sé difriúil agus go ndearnadh náiriú air agus rinneadh ionsaí fisiceach air.
SCÉAL EILE: Tá mé tuirseach
de bheith mar ‘public property’, a deir Tubridy
‘Sílim go gcáinfeadh gach duine é go hiomlán.’
Dúirt sé: ‘Déarfainn i ndáiríre cé chomh brónach agus atá mé go bhfeicimid fós sa lá atá inniu ann an cineál seo bulaíochta agus foréigin ag tarlú inár scoileanna.
‘Bheadh súil agat, de réir mar a théann an saol ar aghaidh, go háirithe agus daoine óga sa lá atá inniu ann a bheith chomh forásach (progressive) agus chomh cliste sin leis an saol thart orthu, nach dtarlódh sé sin. Ach tá sé fós, agus tá trua agam don duine óg ar a ndearnadh ionsaí, agus dá theaghlach.’
SCÉAL EILE: BÁC 15 ag cur an
Gaeilge chun cinn le Ceolchoirm Eipiciúl
Tugadh an buachaill go hOspidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha áit a bhfuair sé cóireáil do ghortuithe tromchúiseacha aghaidhe.
Dúirt an ball teaghlaigh. ‘Tá ionadh, uafás orainn agus tá muid trína chéile faoin méid is féidir a tharlóidh sa lá atá inniu ann.
‘Bhí roinnt daoine i gcoinne buachaill amháin, agus rinne daoine eile é a scannánú agus a phostáil ar líne. Tá sé sin uafásach agus mícheart,’ a dúirt an ball teaghlaigh.
SCÉAL EILE: Fuarthas cailín ‘abducted’ beo
agus sláintiúil tar éis sé bliana le cabhair ó Netflix
Tá Gardaí ag achomharc orthu siúd a bhfuil eolas acu faoin eachtra teagmháil a dhéanamh le stáisiún gardaí na hUaimhe.
Rinne siad achomharc freisin ar dhaoine gan an físeán a roinnt.
Dúirt Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí (Louth and Meath Education and Training Board) go bhfuil ‘imeachtaí suntasacha araíonachta’ tosaithe ag leibhéal na scoile.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.