Tá Vodafone Ireland chun 10 lá de shaoire bhreise le pá a thairiscint d’fhostaithe (empoyees) a thugann aire do dhuine leochaileach (vulnerable person).
Chomh maith le sin beidh roghanna oibre solúbtha (flexible working) ar fáil dóibh agus níl sé teoranta do bhaill teaghlaigh amháin.
Dúirt an chuideachta go gclúdóidh an tsaoire 10 lá gach rud ó choinní (appointments) ospidéil go seisiúin teiripe (therapy).
Beidh tacaíochtaí breise ar fáil freisin, mar shampla amanna tosaigh agus deiridh solúbtha chomh maith le hobair hibrideach (hybrid).
‘Nuair a fheicim an taighde a thaispeánann go mbraitheann leath de na cúramóirí go bhfuil siad á gcoinneáil siar ó ardú céime, agus faoi 2030, go mbeidh ról cúraim ag duine as gach cúigear in Éirinn lasmuigh den obair, is féidir liom a fheiceáil go bhfuil níos mó feasachta (awareness) agus tacaíochtaí san ionad oibre ag teastáil don ghrúpa luachmhar daoine seo,’ a dúirt Noelle Burke, Stiúrthóir Acmhainní Daonna (Human Resources) ag Vodafone Ireland.
An tseachtain seo caite, d’fhógair Banc na hÉireann comhpháirtíocht nua le Family Carers Ireland chun tacaíochtaí agus acmhainní a chur ar fáil do bhaill foirne a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu sa bhaile.
SCÉAL EILE: Easpa drugaí
chun déileáil le ‘hay fever’
Dúirt an banc go bhfuil thart ar 14% dá 9,000 ball foirne i ról cúraim.
Soláthróidh an chomhpháirtíocht faisnéis, uirlisí agus tacaíochtaí don fhoireann, agus cuirfear treoir agus oiliúint ar fáil freisin do bhainisteoirí maidir le conas tacú lena bhfoirne le freagrachtaí tuismitheoireachta agus cúraim.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.