Tá níos mó ná leath d’fhostaithe na hÉireann ag meascadh a gcuid oibre lena laethanta saoire.
Tá an céatadán is airde daoine ag déanamh cianobair (remote work)san Aontas Eorpach ag Éirinn cheana féin.
De réir suirbhé nua, áfach, tá níos mó oibrithe Éireannacha ag iarraidh socruithe solúbtha taistil-oibre (flexible work-travel arrangements).
Rinne Bunq, ardán baincéireachta Eorpach ar líne, an taighde ar shampla de 788 oibrí Éireannach, fostaithe nó féinfhostaithe idir 25 agus 44 bliain d’aois, i mí Iúil agus Lúnasa.
Fuarthas amach go bhfuil roinnt solúbthachta ag 55% díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu ina gcuid socruithe oibre, rud a chruthaigh féidearthachtaí nua taistil.
Dúirt an suirbhé go bhfuil 61% tar éis leas a bhaint as cianobair trí oibriú ó áit eile seachas an baile, agus go bhfuil obair mheasctha ag 52% le laethanta saoire.
Chuir 85% de na freagróirí in iúl gur mhian leo obair mheasctha a dhéanamh agus laethanta saoire a ghlacadh, in Éirinn nó thar lear.
Mar sin féin, d’aithin an suirbhé freisin fadhbanna ar nós polasaithe fostóra (45%) agus costas (32%), agus dúirt siad go bhfuil siad sin fós ina ‘chonstaicí suntasacha’ ar oibriú go cianda agus an duine ag taisteal.
Cé gur dócha go mbeidh roinnt fostóirí amhrasach faoin gcoincheap, dúirt bainisteoir Bunq Ireland, Jack Daly, go léiríonn a gcuid sonraí go bhfuil fonn láidir ar dhaoine obair agus laethanta saoire a mheascadh.
Dúirt sé: ‘Tá an stíl maireachtála nomadach digiteach ag éirí níos coitianta.
‘Go deimhin, léiríonn ár dtaighde go bhfuil méid áirithe solúbthachta ag 55% d’oibrithe Éireannacha ina gcuid socruithe oibre, agus go raibh taithí ag 52% ag meascadh oibre agus laethanta saoire cheana féin.’
Dúirt sé go raibh Éire ‘chun tosaigh san athrú seo, agus táimid ag súil go nglacfaidh níos mó cuideachtaí le polasaithe comhchosúla’.
Ag cur san áireamh an drochaimsir a bhí againn go séasúrach le míonna beaga anuas, is fearr le níos mó ná leath (56%) díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu ceann scríbe gréine.
Tá an-tóir ag Éireannaigh ar laethanta saoire in Éirinn i gcónaí, le 59% díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu ag glacadh sosanna baile ó am go chéile.
Tá ról ríthábhachtach ag buiséadú i bpleanáil taistil, le 45% de dhaoine ag cur ciste ar leith ar leataobh dá dturas agus 33% ag brath ar choigilteas.
Tá tionchar ag an ardú ar chostais mhaireachtála ar chinntí freisin, agus roghnaíonn 39% de na freagróirí cinn scríbe níos saoire.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.