Tá sé fógartha ag Vodafone go ngearrfaidh siad 11,000 post thar thréimhse trí bliana, mar go bhfuil an Príomhfheidhmeannach nuacheaptha Margherita Della Valle dírithe ar eagraíocht ‘níos simplí’.
Dúirt sí go bhfuil siad ag fáil réidh leis an oiread sin post le fonn gnóthaí an chomhlachta a shimpliú agus le súil an comhlacht a chur i lár an aonaigh arís.
SCÉAL EILE: Fuarthas cailín ‘abducted’ be
agus sláintiúil tar éis sé bliana le cabhair ó Netflix
D’fhógair an chuideachta ‘11,000 laghdú róil beartaithe thar thréimhse trí bliana, le simpliú ar an gceanncheathrú (headquarters) agus ar na margaí áitiúla (local markets) araon.’
Beidh tionchar ag na ciorruithe ar an gcomhlacht ar fud an domhain, lena n-áirítear a cheanncheathrú féin Newbury, Berkshire i Sasana.
Tuigtear, faoi láthair ar aon nós, nach mbeidh aon duine den 1,200 duine atá fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn i measc na ndaoine a leagfar as obair.
SCÉAL EILE: Máthair Éireannach bás tar
éis titim thar ‘cliff’ i Lanzarote ina bugaí
Tá sé ráite go gcreideann infheisteoirí gur comhlacht ró-choimeádach é Vodafone.
Meastar go mbeidh titim €1.5 billiún i saorshreabhadh airgid Vodafone i mbliana, sin an t-airgead a bheas fanta ag an gcomhlacht i ndeireadh na bliana tar éis na billí ar fad a íoc.
Tá thart ar 100,000 fostaithe ag Vodafone i dtíortha éagsula san Eoraip agus san Afraic.
SCÉAL EILE: ‘Níl dóthain gardaí ann’
chun stop a chur le ‘violent racist attacks’
Cheana féin i mbliana, tá 1,000 fostaí ligthe chun siúil ag an gcomhlacht san Iodáil agus táthar á thuairisciú go mb’fhéidir go gcuirfí deireadh le 1,300 post eile sa Ghearmáin.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.