Chosain Leo Varadkar a pháirtí Matt Barrett tar éis na poist a chuir sé suas ar na meáin shóisialta le linn chorónú Rí Séarlas na Breataine.
Dúirt an Taoiseach nach raibh sé i gceist riamh tuairimí a fhoilsiú.
Poist éadroma ar Instagram a bhí I gceist.
I ceann amháin, a seoladh ón gcarr roimh an chorónú, le na sluaite os a chomhair, dúirt sé: ‘Holy sh*t I think I’m accidently crowned king of England.’
Gabh an Dr Barrett a leithscéal ar Twitter tráthnóna Dé Luain, ag rá: ‘Ar mhachnamh faoi, is breithiúnas lag a rinne mé. Gabh mo leithscéal as aon chion a rinneadh.'
Leo le Matt
D’fhreastail an Taoiseach agus a pháirtí ar an gcorónú i Londain Dé Sathairn 6 Bealtaine. D’fhreastail an tUachtarán Michael D Higgins agus a bhean Sabina ar an ócáid freisin.
Ba é seo an chéad uair a d’fhreastail ceannairí na hÉireann ar chorónú.
Nuair a fiafraíodh de i Luimneach Dé Luan ar cheart don Uasal Barrett a leithscéal a ghabháil as na tuairimí a thug sé roimh agus le linn an tsearmanais, dúirt an tUasal Varadkar gur ‘duine aonair príobháideach’ é a pháirtí.
Dúirt sé: ‘Teachtaireachtaí príobháideacha a bhí iontu a cuireadh ar a chuntas príobháideach, ní raibh sé i gceist aige riamh iad a chur go poiblí, ach tarlaíonn sé sin uaireanta.